Don duine an domhan

Beocheist/Éadhmonn Mac Suibhne: Tharla go rabhas in iarthar Thír Chonaill le déanaí is gur thugas cuairt ar Ghrianán Aileach…

Beocheist/Éadhmonn Mac Suibhne:Tharla go rabhas in iarthar Thír Chonaill le déanaí is gur thugas cuairt ar Ghrianán Aileach. Ba ansan, adeirtear linn, a bhí cúirt agus cónaí ag taoisigh Uí Néill Uladh sarar dhein Brianaigh na Mumhan scrios agus díothú ar an áit ag tús an 12ú haois is gur fhan an scéal amhlaidh go ceann breis is 700 bliain sarar deineadh cóiriú agus deisiúchán de shaghas éigin ar an bhfoirgneamh - nó ar a bhfuil le feiceáil de anois.

Dúirt saineolaí logánta liom gur tógadh an dún ar shuíomh an-ársa thart ar an am a rugadh Ár dTiarna agus b'ait le mo shamhlaíocht an chomparáid a rith liom láithreach: stábla uiríseal i mBeithil thoir agus daingean dána taibhseach niamhrach ar oileán beag pagánach thiar.

Ní sa dún, is é sin sna clocha, a bhí mo chuid spéise agam, ach sna hainniseoirí a shaothraigh, agus a d'imir a mbeo b'fhéidir, leis na clocha san a chur i gceann a chéile, an uair nach raibh de rogha acu ach iad a iompar ar a ndroim is gan áiseanna tógála an lae inniu ar fáil dóibh.

Ar sclábhaithe iad nó cimí a bhí faoi dhianphionós, nó iadsan ba gheall le spailpíní a ghlacfadh orthu féin an tasc ba chéasta le crústa a choimeád i ngob an áil?

READ MORE

Nó ar shaoir oilte iad a bhí díomasach as an gcumas a bhí acu áras a chur le céile a bheadh ina chúis iontais ag na glúnta a bhí le teacht ina ndiaidh?

Smaoineamh den chineál san a ritheann liom i gcónaí nuair a fheicim fallaí arda ársa, nó seanchaisleáin, nó cairn, nó dolmainí nó na déantúsáin d'ór nó d'airgead nó den chré agus na hiontais seo uile a chorraíonn scoláirí na hársaíochta is na seandálaíochta chomh mór sin.

I ndeireadh na dála, is seoda iad na hiarsmaí seo go léir agus tá an t-ádh linn iad a bheith ar fáil dúinn, ach nach í an tábhacht is mó a bhaineann leo ná go gcuireann siad ar ár gcumas eolas de chineál éigin a chur orthusan a d'imigh romhainn trí aithne a chur ar an saothar láimhe a d'fhág siad ina ndiaidh?

Ní i gcónaí a chuimhnimid go bhfuil scéal le hinsint ag gach seod díobh,scéal a bheadh ní ba thromchéillí i bfad, b'fhéidir, ná a mbíonn le feiceáil os comhair ár súl againn, dá bhféadfaimis teacht air.

Ní duine mé atá an-tugtha do na hiarsmalanna, ar an ábhar go mbraithim gurb áiteanna marbha iad, agus a bhfuil le taispeáint acu leagtha ansan romham amhail is gur nithe iad a bhaineann le domhan agus le neacha nach bhfuil aon teagmháil ag mo shaol féin leo. Agus ní foláir dom a admháil chomh maith céanna nach bhfuil mé an-tógtha ach an oiread le gairdíní ainmhithe agus a leithéid sin ar an gcúis go bhfeictear dom gurb áiteanna saorga bréige iad agus go bhfuil a gceart agus a saoirse á gceilt ar na créatúir atá faoi ghlas iontu.

Tamall ó shin, agus mé ag spaisteoireacht i gceantar in iarthar Chorcaí inar chaitheas tamall dem shaol, stadas le súil a chaitheamh ar sheanfhallaí botháin a bhí i bhfolach nach mór taobh thiar de sceach mhéith den bhfiúise (ar a dtugaimisne Deoiríní Dé).

Stop gluaisteán taobh liom agus thuirling beirt bhan gur thosaíodar ag tabhairt uathu ar "áilleacht" an radhairc - bhí sé "unbelievable", dar leo, agus "quaint" agus "so quiet and peaceful". Ghlacadar grianghraif dá chéile os comhair an fhothraigh agus ansan ar aghaidh leo go n-aimseoidís a leithéid eile d'iontas.

N'fheadarsa an raibh an áit chomh ciúin agus chomh síochánta san lá na sochraide; is de sheanchas na háite é gur éag clann iomlán - idir thuismitheoirí is leanaí - sa bhothán sin, go bhfuair siad bás den ocras is den bhfiabhras i rith an drochshaoil. Ní bheadh an t-eolas sin ag an mbeirt bhan ach ní fhéadfainn dul thar fothrach seantí gan smaoineamh ar an gclann a mhair ann tráth, ar a sonas is ar a mbrón, agus b'fhéidir paidir bheag a chur leo.

Tá Deoiríní Dé an-fhlúirseach in iarthar Chorcaí; tagann tú go minic ar na toir ag fás taobh le seanfhothrach tí agus corraíonn san mé ar a fheiceáil dom gur geall le leacht cuimhne iad ar na clanna uile a díothaíodh sa taobh san tíre in aimsir an Ghorta Mhóir.

Is chuige atáim; gurb é an duine daonna - bíodh sé beo nó marbh - an "rud" is tábhachtaí ar an saol. Más marbh dó, tá sé tábhachtach, ar a laghad, de bharr ar dhein sé maidir leis an saol ina mairimid a chruthú is a mhúnlú; má mhaireann sé go fóill is comhpháirtí linn é inár n-iarrachtaí leis an saol céanna a fheabhsú agus a chóiriú dóibh sin a thiocfaidh inár ndiaidh. Agus sin í an fhíorthrua a bhaineann leis an dímheas a léirítear i leith beatha an aonaráin an lá atá inniu ann.