Domhan ait aisteach an Bhéarla

Tuarascáil: Tá rudaí aite sa Bhéarla. Nach bhfuil? B'fhéidir gur daoine aite iad lucht an Bhéarla

Tuarascáil:Tá rudaí aite sa Bhéarla. Nach bhfuil? B'fhéidir gur daoine aite iad lucht an Bhéarla. Tá cumas iontach ag cuid acu chun an teanga a chur as a riocht, ar mhaithe le greann.

Ban-ab, cuir i gcás. An bhrí a bhain leis an bhfocal sin tráth den saol ná máistreás drúthlainne. Ní thugtar an bhrí sin sna gnáthfhoclóirí, ar ndóigh. Ní mór duit taighde a dhéanamh sna foclóirí dorcha.

Nó sna foclóirí geala. Mar tá gach aon saghas ábhair sna foclóirí béarlagair, foclóirí chaint na sráide. Léiriú is ea iad ar nádúr an duine. An chruthaitheacht. An greann. Agus an taobh dorcha.

Imeartas focal is ea a lán de, ar ndóigh, nó i gcás na gCocnaithe claonadh chun ríme a théann thar fóir ar fad.

READ MORE

Cad is aardvark ann? Ainmhí ón Afraic Theas? Go maith. Ón bhfocal Dúitsise aarde, talamh, agus vark, muc. Ach tá brí eile leis. Obair chrua. Conas? Mar gur mheabhraigh an focal aardvark 'hard work' do dhuine éigin!

Dá mbeinnse chun 'obair chrua' a rá ar bhealach eile sa Ghaeilge, cad a roghnóinn? Madra rua? "Ta madra rua ar siúl inniu agat, a bhuachaill."

Albatras. Éan farraige? Ní hea más dochtúir thú. Is é is albatras ann ná othar nach dtagann feabhas riamh air. Nó duine a mbíonn galar nua air gach uair dá dtugann sé cuairt ar an dochtúir. Albatras. An albatras tusa?

Ambasadóir Mharacó? Ceann deacair é sin. Madra rua amháin a réiteodh an cheist sin. Is é is Ambasadóir Mharacó ann ná gréasaí bróg. Ná fiafraigh díom canathaobh. Ní mise a chum ná a cheap.

In áit 'marbh', déarfadh an Cocnaí 'brown bread'. Is maith liom é sin. Samhlaímid an bheatha leis an bhfocal arán. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu. Agus seo ina bhás ag an gCocnaí é. Cén Ghaeilge rúnda a chuirfeá air sin, ar a bheith marbh? Lá garbh? "Ar chuala tú faoi Sheán bocht?" "Níor chuala." "Lá garbh." "Beannacht Dé leis."

Bosca seacláidí? Tuairim ag aon duine? Do thóin. Ar ndóigh, braitheann sé ar an gcomhthéacs. Taisceadán. Sin tóin chomh maith ach sa chás seo ciallaíonn sé drugaí á smuigleáil isteach i bpríosún agat.

Níl aon amhras ná go bhfuil ciníochas le brath ar go leor de bhéarlagair an Bhéarla. Aon tuairim agat cé a bheadh i gceist agam dá luafainn an Coirnéal Gadaffy leat? An freagra: Fear ón mBreatain Bheag. Conas? Arís, cúrsaí ríme. Ainm eile ar Bhreatnach is ea Taffy. Sin é anois agat é.

Coláiste na mBó? Níl ansin ach coláiste éigin in áit iargúlta. Sna Stáit Aontaithe, ar ndóigh. Is saghas caitheamh anuas ar na ba é, nach ea? Ní déarfadh Éireannach go deo é. Portán? Aon tuairim agat? Portán is ea sciorradh feithicle, i leataobh. Ceann maith é sin, braithim.

Cad is uachtarán marbh ann? Airgead páipéir - nóta - sna Stáit Aontaithe. Anraith lachan? Rud éigin atá an-éasca le déanamh. Má tá. Níor thriail mé riamh é.

Dachshund? Píosa mór caca é sin. Aisteach. Mheasas go raibh an Sasanach an-cheanúil ar ainmhithe ach chuirfeadh an sampla sin ag smaoineamh thú.

Ar aon nós. Downing Street? Uimhir a deich i measc imreoirí biongó. Dustin Hoffmanns? Aon tuairim in aon chor agat? Leid: toitíní. Sea, Rothmans gan dabht.

An raibh anraith leictreach aréir agat? Deoch mheisciúil. Má bhí, cad d'ól tú? Tugann cuid de phobal gorm na Stát Aontaithe Grapes of Wrath ar an bhfíon. B'fhéidir nach fíon a bhí agatsa aréir ach lágar. Cén saghas? Nelson Mandela? Smaoinigh ar rím agus beidh an freagra agat. Sea, Stella (Artois). Agus Father O'Flynn? Deoch eile fós. Fágfaidh mé fút féin é a dhéanamh amach. Níl sé deacair. Mahatmi Ghandhi is ea 'brandy'. An greann a bhaineann leis an gceann áirithe sin ná go samhlaímid a mhalairt leis an Mahatma céanna.

Nach iontach an claonadh seo chun focail a chur as a riocht? Níor tharla sé mórán sa Ghaeilge. Deirtí 'Dar Cníops!' chun an focal Críost a sheachaint agus a leithéid sin ach níor nós an-leathan é. Ned Kelly is ea an teilí. Nó, más fearr leat, Liza Minnelli.

Cad a thabharfá ar bhall den RAF nach píolóta é, a bhfuil cúraimí eile air seachas cúraimí eitilte? Piongain. Ní eitlíonn sé.

Confaití Éireannach? Clocha, carraigeacha nó bruscar a chaitear le linn ciréibeacha. Anois duit! Níl sé sin ródheas, an bhfuil? Sea, faigheann na hÉireannaigh agus muintir na hÁise cic maith sa tóin/taisceadán/bosca seacláidí sna foclóirí seo. Agus dreamanna eile chomh maith.

Tá seanaighneas idir na Sasanaigh agus na Francaigh ar ndóigh. Mapa na Fraince? Sin smál ar bhraillín, an gcreidfeá go deo é. Is baolach go ndeirtear mapa na hÉireann chomh maith. Ní déarfadh Éireannach 'mapa Shasana' go deo i gcás mar sin. B'fhéidir gur dream iad na Sasanaigh a bhíonn ag féachaint an iomarca ar mhapaí.

Jacques Cousteau? Tumadh, gan dabht. Bhuel, an dtumfaimid a thuilleadh in aigéan seo an bhéarlagair? Seo linn. Johnny Cash? Airgead, ab ea? Ní hea ach haisís.

Labhairt le Dia ar an teileafón mór bán? Meiriceánais ar chaitheamh amach. Tar éis an iomarca den Father O'Flynn a ól, gach seans.

Nó allas an tíogair, téarma ar dheoch an-láidir ar fad. Toisc gur caitheamh aimsire ag a lán daoine é caitheamh amach, ní hionadh go bhfuil slite go leor ann chun é sin a chur in iúl. Geoidil theicnidhaite ceann acu.

Sea, léiríonn na foclóirí dorcha seo claonta uile an duine agus focal deas tugtha go minic don iompraíocht is measa agus is gránna d'fhéadfá a shamhlú.

Muince. Focal deas. An bhrí a bhí leis aimsir na cinedheighilte san Afraic Theas ná seo: an bonn a bhaint de roth gluaisteáin, peitreal a dhoirteadh air, é a chur timpeall mhuineál duine agus é a dhó. Phléascfadh an bhlaosc bhí an teas chomh millteach sin.

An leanfaimid orainn? Ceann amháin eile mar sin. Seanbhastard. Tá an téarma sin againn féin ach bhí sé chomh coitianta sin san Astráil agus na hAstrálaigh chomh tógtha sin leis gur bunaíodh Ord Astralásach na Seanbhastard.

Ní mar mhagadh atáim. Ord Astralásach na Seanbhastard. Bhí riail amháin ag an gcumann breá seo. Dá mbuailfeá le ball eile d'Ord Astralásach na Seanbhastard bheadh ort bos a bhualadh sa slinneán air agus "Heileo, a Sheanbhastaird" a rá leis. Agus ní Hans Christian Andersen (bréag) é an méid sin!

Is iad na leabhair is déanaí ón údar an leabhar machnaimh Dialann Anama (Coiscéim) agus an cnuasach dátheangach Bliain an Bhandé/Year of the Goddess (Dedalus)

aigéan ocean - béarlagair jargon - geoidil yodel

iargúlta remote - muince necklace - othar patient