Divide et impera

CROBHINGNE: I dTOSACH tháinig siad ar son an pá a reo. Ach níor tháinig siad ar son na mbaincéirí

CROBHINGNE:I dTOSACH tháinig siad ar son an pá a reo. Ach níor tháinig siad ar son na mbaincéirí. Agus nuair a bhí an pá reoite ghlac siad sos. Ach níor luaigh siad na baincéirí.

Ina dhiaidh sin, tháinig siad ar son an pá a ghearradh. Ach níor luadh na baincéirí. Agus nuair a gearradh an pá ghlac siad sos. Agus lena linn sin chuaigh na baincéirí i bhfolach.

Ansin chuaigh siad go Páirc an Chrócaigh le cluiche a imirt. Ba chluiche deas é inar shíl taobh amháin go raibh rialacha ann. Socraíodh an cluiche ar chomhscór de réir na rialacha a cheap dream amháin a bhí ann. Glacadh leis an toradh – ar feadh seal beag gairid. Bhí na baincéirí ina dtost.

Ansin tháinig siad ar son Pháirc an Chrócaigh arís. Ní raibh na rialacha mar a síleadh. Ní raibh an toradh mar ba chóir. Chaithfí na rialacha a scríobh arís. Chaithfí, mar a deirtear, “athchuairt” a dhéanamh ar an toradh. Smid ní raibh as na baincéirí.

READ MORE

D’fhill siad ar Pháirc an Chrócaigh. Mura raibh na baincéirí ann, bhí a ngiollaí ann. Bhí na ceardchumainn ann go deas réasúnta. Nuair a caitheadh an páipéarachas sa chiseán bruscair bhí siad fós go deas réasúnta. Deirtear gur dhein duine amháin gnúsachtach.

Nuair a scriosadh Páirc an Chrócaigh ní dúirt na baincéirí pioc. Bhí gach duine fós go deas réasúnta. Beidh socrú deas réasúnta eile ann, adúirt lucht ceardchumainn. Sin é is dóigh leatsa, a dúirt na baincéirí, leo féin.

Nuair a tháinig siad i gcomhair na múinteoirí, bhí áthas ar an bpobal mar is beag duine nár fhulaing le slait nó le leathar, agus tar éis an tsaoil, cad é a bhí ar eolas ag an múinteoir scoile nach raibh ar eolas ag aon duine eile? Tá nithe ar eolas againne nach bhfuil ar eolas acu siúd, adúirt an baincéir.

Agus nuair a tháinig siad i gcomhair na ndaoine a raibh éalang mheabhrach orthu, rinneadh gáire, mar ní raibh aon airgead á thuilleamh acu. Agus nuair nach raibh aon airgead á thuilleamh acu níor bhaincéirí iad. Ach ní dúirt na baincéirí giob, mar cad ab fhiú a rá?

Agus nuair a tháinig siad do na tógálaithe – ach níor tháinig siad do na tógálaithe.

Agus nuair a tháinig siad in athuair don bheagán tógálaithe arbh éigean dóibh teacht faoina ndéin, níor tháinig siad le bonnáin ag séideadh, ná le slabhraí ar a gcosa, ná le glais lámh ar a gcaola, ach tháinig siad go fáilí san oíche mar a bheadh caoirigh i measc faolchúnna, nó lucha i láthair leon.

Agus nuair a tháinig siad do na banaltraí chuimhnigh siad gur beag duine saibhir a bhíonn breoite, agus gur beag duine breoite a bhíonn saibhir, agus nach raibh iontu ach státseirbhísclábhaithe nach raibh sé de ghus iontu dul amach sa tsaol mór réalaíoch agus satailt ar dhaoine eile, mar cad eile nach ndéanfá muran baincéir tú?

Agus ina dhiaidh sin, i bhfad na haimsire, tháinig siad do na pinsinéirí. Ach is iad a bhí eaglach roimh na pinsinéirí. Mar chaith na pinsinéirí vóta, agus bhí taithí na mblianta acu, go fiú is mura raibh airgead na mbaincéirí acu. Agus chuimhnigh siad ar sheift, seift a bhí chomh sleamhain slím gránna le haon tseift eile dar cheap siad.

Mhínigh siad don phobal gurbh iad na pinsinéirí a bhris an tír, ar nós gurbh iad na státseirbísclábhaithe a scrios an eacnamaíocht, agus gur cheart don óige éirí amach in aghaidh a sinsear mar b’iad a shloig an t-airgead ar fad a bheadh ag dul dóibh.

Agus thacaigh na polcurrs leo, agus na nuachtáin, agus na daoine a cheannaigh an stát; agus rinne na baincéirí gáire.

Agus chuir siad na daoine in adharca a chéile, agus bhí na daoine breá sásta a bheith in adharca a chéile, mar níor theastaigh uathu an creideamh a chailliúint.

Níor theastaigh ó dhaoine dul thar an mbanc gan cúpla paidir a rá, agus feacadh glúine a dhéanamh, agus iontas a dhéanamh i láthair na mbilliún gan áireamh thar tomhas. Níor theastaigh uathu gan adhradh a dhéanamh mar bhí an creideamh seo ginte iontu ó aimsir na gcon is na gcreach. Agus thuig na baincéirí an méid sin, agus is iad a chodlaigh go sámh.

Agus ina dhiaidh sin, chuaigh an earnáil phríobháideach i scornach na hearnála poiblí, agus na speilpsclábhaithe chun troda le saoránaigh, agus an óige chun doirne leis an aois, agus fad na huaine agus na huaire bhí na bancéirí agus na stocbhróicéirí agus na geallghlacadóirí ag cur a mbundún amach le gáire, mar cad eile a dhéanfadh siad nuair a ligeann na daoine leo?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar