Dinit chaillte an duine

Beocheist: Is cuimhin liom an fhonóid a bhíodh ar siúl ag lucht an cheantair seo againne nuair a chuala siad den chéad uair …

Beocheist: Is cuimhin liom an fhonóid a bhíodh ar siúl ag lucht an cheantair seo againne nuair a chuala siad den chéad uair go raibh sé i gceist ag an Rialtas scéim a thabhairt isteach faoina n-íocfaí pinsean le feirmeoirí a chuirfeadh ar a gcumas éirí as an obair ar fad.

Ní raibh amhras orainn ach go raibh an mheabhair chinn ar strae orthusan a bhí taobh thiar den smaoineamh - daoine, dar linne, nach raibh aon chur amach acu ar an bhfeirmeoireacht ná ar mheon mhuintir na tuaithe.

Ba mhór é an gáire a dheinimis faoin chaint a chloisimis ar "scor le dínit" agus an pictiúr inár n-aigne againn den iarfheirmeoir a bheadh ag siúl thart gach aon lá dá shaol feasta, culaith tháilliúra air, léine chaol is carabhat néata agus, b'fhéidir, scáth fearthainne ar crochadh lena uillinn aige.

Ba é a thuigeamar leis an dínit, ar ndóigh, ná an nósmhaireacht a bhíodh ag daoine mar easpaig nó breithiúna nó bardasaigh agus a leithéid a bhíodh ag pramsáil thart ina gcuid róbaí agus faoina gcuid slabhraí le n-iad féin a chur in iúl agus lena stádas a léiriú don phobal mór.

READ MORE

Níor mhór agam féin riamh an cineál san nósmhaireachta ach, dá olcas féin é, gach seans gurbh fhearr ann é ná easpa na dínite atá ag goilliúint ar shaol an lae inniu.

An mhaidin cheana bhíos ag éisteacht le clár raidió fad is a bhí an bricfeasta á chaitheamh agam. Díospóireacht a bhí ann idir beirt chainteoir a bhí tógtha go mór le cúis nó le beartas éigin, ach iad araon bheith ar a mhalairt de thuairim faoin bhóthar ba chóir a leanúint má bhí an ceann scríbe le baint amach.

Díospóireacht, adeirim, ach ba mhó den sciolladóireacht agus den bháirseoireacht a bhain léi ná den chaint réasúnach.

Ní fhacthas dom go raibh ceachtar de na cainteoirí ag éisteacht lena raibh le rá ag an duine eile, ach iad ag béicíl leo agus iad ar an tuairim, ba chosúil, gurbh í an tslí dob fhearr leis an mbua a bhreith ná an duine eile a chosc ar fhocal ar bith a chur isteach.

Go deimhin, tamaillín gearr ó shin d'fhreastail mé ar dhíospóireacht sa Dáil agus cad a cheapfá ach gurbh í an nósmhaireacht chéanna a bhí á leanúint. Ar fhágáil na háite dom, bhraitheas iarracht den náire orm go mbeadh a leithéid sin ar siúl acusan a thogh mise agus mo chomhvótóirí le cúram a dhéanamh de thodhchaí an Stáit seo.

Ar ndóigh, má tá bunús leis an gcaint seo go léir a chloisimid faoin bhreabaireacht agus faoin chorbadh bheith ar siúl in áiteanna áirithe, cad eile a bheadh ann, i ndáiríre, ach an t-ísliú caighdeáin agus an cúl láimhe bheith á thabhairt ag daoine leis an meas ba cheart bheith acu orthu féin is ar a gcomharsana - i bhfocail eile, an feo do bheith tagtha ar an dínit daonna.

Nílimse coimeádach; is maith liom an dul ar aghaidh agus an nuaíocht ach, ag an am céanna, is trua liom go mór an neamhaird atá á tabhairt againn, de réir a chéile, orainn féin mar chréatúir a chruthaigh Dia agus tréithe an anama ionainn chomh maith le tréithe an choirp.

Ar éigean gur féidir linn anois sinn féin a chur in iúl gan an chaint lábánta lodartha a tharraingt chugainn, cuma óg nó sean an té atá ag éisteacht linn, ná ní hannamh mé á cheapadh gur fíor san níos minicí ná a mhalairt ina gcás sin go bhfuil oideachas sách ard orthu, idir fhir is mhná.

Tá ainm na carthanachta orainn mar chine, ach is ceist le háireamh í cad ina thaobh gurb amhlaidh dúinn. Tugaimid an t-airgead go fial nuair a fheicimid an gá, ach an í an trua amháin a spreagann sinn, n'fheadar?

An gcuimhnímid ar dhínit an ainniseora, mar shampla, nó an é an gá atá ann le ceirín a chur lenár gcoinsias a spreagann sinn?

Níl a fhios agamsa; níl ann ach go gcuirim an cheist.

Is ceist í a ritheann chugam, áfach, gach aon uair go n-airím faoin éagóir do bheith á himirt ar neach éigin díobhsan atá amuigh ar imeall an phobail agus nach léir ar an bpobal céanna gur cás leo é seachas an síneadh láimhe a thairiscint.

Agus ansin féach ar an íde a thugaimid ar na mairbh.

I ngar don áit a bhfuil cónaí orm tá seanreilig a bhí ina hionad tuaithe go dtí na blianta beaga seo.

Is truamhéalach an feic anois í; tá na leaca leagtha, iad briste ina smidiríní agus is i ndonas atá an scéal ag dul in aghaidh an lae. Ní ligfeadh an náire dom a bhfuil scríofa ar roinnt de na leaca céanna a bhreacadh anseo.

An é go bhfuil coincheap na dínite caillte ar fad ag an nglúin atá thuas anois?