Dilma, José nó Marina tar éis Lula?

BEOCHEIST : TÁ TÚS curtha le feachtas thoghchán na huachtaránachta sa tír is mó sa leathsféar theas agus ba cheart go gcuirfeadh…

BEOCHEIST: TÁ TÚS curtha le feachtas thoghchán na huachtaránachta sa tír is mó sa leathsféar theas agus ba cheart go gcuirfeadh an domhan sonrú ann.

Le hocht mbliana anuas, tá dul chun cinn as cuimse déanta ag an mBrasaíl ó thaobh na heacnamaíochta agus ó thaobh na polaitíochta idirnáisiúnta de. Tír í nár bhain an ghéarchéim eacnamaíochta di a bheag nó a mhór agus a thug na céadta billiún dollar ar iasacht don Bhanc Domhanda nuair a bhí gá leis.

Tír a tháirgíonn níos mó bithbhreosla ná tír ar bith eile agus tír a bheidh ar an deich dtír is mó a tháirgíonn “gnáthola” as seo go ceann bliana. Tír a eagróidh Corn an Domhain i 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha i 2016. Ní “tír atá ag forbairt” í an Bhrasaíl a thuilleadh ach tír atá ar tí a bheith ina cumhacht dhomhanda.

Tharla an t-athrú mór seo faoi stiúir Luiz Inácrio da Silva – nó Lula mar is fearr aithne air – an t-uachtarán Brasaíleach ba mhó a raibh meas air, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, le cuimhne na ndaoine. Ní féidir le duine a bheith ina uachtarán ar an mBrasaíl níos mó ná dhá thréimhse as a chéile, áfach, agus ciallaíonn sé sin go mbeidh deireadh – go ceann scaithimh, pé scéal é – le ré Lula.

READ MORE

Is ea, go ceann scaithimh. Agus gar do 70 faoin gcéad de mhuintir na tíre ag rá go raibh siad sásta leis, sa phobalbhreith dheireanach faoina uachtaránacht, níl dabht ar bith faoi ach go mbeadh an bua ag Lula arís dá bhféadfadh sé seasamh in athuair.

Murab ionann agus a chomhghleacaí Hugo Chávez sa Veiniséala, áfach, níor eagraigh Lula reifreann chun an bhunreacht a athrú chuige sin. Tá plean difriúil, níos daonlathaí ag Lula. Má bhíonn an bua ag Dilma Rousseff, iarrthóir a pháirtí (Páirtí na nOibrithe, an PT) sa toghchán seo, fanfaidh Lula gar don chumhacht agus ní bheidh aon bhac air seasamh don uachtaránacht arís i gceann ceithre bliana – le Dilma mar leasuachtarán.

Ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go fóill go mbeidh an bua ag Dilma (ní bhacann éinne lena sloinne – agus muintir na Brasaíle ag trácht ar an mbean seo a d’fhéadfadh a bheith ina huachtarán orthu i gceann achair ghairid shílfeá gur faoi chomharsa a bhíonn siad ag caint.) Tá iarrthóir láidir ag Páirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh, an PSDB. D’fhéadfadh José Serra pé plean atá ag Lula agus Dilma a chur ó mhaith. Anuas air sin, tá an tríú hiarrthóir sa rás: Marina Silva, bean a rugadh i ndufair na hAmasóine, a rinne slí bheatha as cosaint na timpeallachta agus atá anois ag seasamh don Pháirtí Glas.

Fágann sé seo go bhfuil dhá rud shuntasacha faoin toghchán uachtaránachta seo. Uimhir a haon: níl iarrthóir de chuid na heite deise ag seasamh ar chor ar bith. Idir iarrthóir atá rud beag ar chlé ón lár (José Serra), iarrthóir de chuid na heite clé (Dilma) agus iarrthóir glas (Marina Silva) atá sé. Uimhir a dó: tá beirt bhan ag seasamh, agus is mór an seans gur ag duine acu (Dilma) a bheidh an lá, rud a chiallódh go mbeadh bean ina huachtarán ar an mBrasaíl den chéad uair riamh.

Tá feachtas Dilma ach go háirithe ag díriú ar an ngné seo. Tá focal nua cumtha acu fiú amháin: Dilma Presidenta atá scríofa ar bhallaí agus ar bhalúin bholscaireachta in ionad “Dilma Presidente” a bheadh ceart ó thaobh ghramadach na Portaingéilise de.

Cé aici (nó aige) a mbeidh an bua? Tá sé rud beag luath le rá. Feachtas fada a bheidh ann go lá an toghcháin, an 3ú Deireadh Fómhair. Mar sin féin, taispeánann pobalbhreith a rinneadh ag tús an fheachtais go bhfuil José Serra agus Dilma, an bheirt acu, ar thart ar 40 faoin gcéad. Tá Marina Silva ag 10 faoin gcéad, rud atá suntasach ann féin d’iarrthóir ón bPáirtí Glas i Meiriceá Theas. Níl a n-intinn déanta suas fós ag 10 faoin gcéad eile den lucht vótála.

Céard atá i ndán don tír mar sin tar éis an toghcháin? Go bunúsach, coinneáil uirthi mar atá. Athróidh an cúrsa rud beag i dtreo an nua-liobrálachais agus laghdóidh tionchar an stáit ar an eacnamaíocht más ag José Serra a bhíonn an lá; beidh gréim níos daingne fós ag an stát ar an ngeilleagar má thagann Dilma i gcumhacht.

Níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh seans dáiríre ag Marina Silva, ach d’fhéadfadh sé a bheith de thionchar ag a hiarrthóireacht siúd go mbeidh gá leis an dara babhta vótála sa toghchán, a d’eagrófaí ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Agus – dea-scéal dóibh ar fad ar cás leo dufair na hAmasóine – beidh cosaint na timpeallachta curtha ar chlár plé an toghcháin seo aici.


Tá cónaí ar Alex Hijmans sa Bhrasaíl. Tá a leabhar Favelafaoin saol i mbruachbhailte bochta na tíre ar fáil ó Cois Life (www.coislife.ie)