Dilleachtai polaitiula agus Hume ar shiul

Bhí mé i m'fhochéimí ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, beagnach 20 bliain ó shin nuair a chuala mé John Hume ag caint ag cruinniú…

Bhí mé i m'fhochéimí ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, beagnach 20 bliain ó shin nuair a chuala mé John Hume ag caint ag cruinniú poiblí ollscoile. Bhí an cruinniú ar siúl i halla mór a bhí dubh le daoine.

Óg agus a bhí mé, bhí eolas ag gach duine ar Hume agus ar a chuid polaitíochta; ba é an príomhcheannaire náisiúnach gan cheist é. B'ionann é agus an SDLP agus ba mhó é ná iad. Bhí misneach mór pearsanta aige agus é ag caint sna laethanta sin nuair nach raibh de ghluaiseacht na poblachta ann ach an IRA agus nuair nach raibh ar siúl ag an IRA ach daoine - de gach creideamh - a mharú.

Bhí borradh inteacht ag teacht faoi Shinn Féin - thosaigh mé a fhreastal ar an ollscoil cúpla bliain i ndiaidh na stailceanna ocrais - bhí ainm Gerry Adams i mbéal an phobail ach gan an t-aitheantas nó an tionchar aige agus atá anois.

Ba é Gerry Fitt (an Tiarna Fitt mar atá anois), feisire parlaiminte iarthar Bhéal Feirste, agus mé i mo dhéagóir óg ach ba é Hume an ceannaire os a chionn; an duine a thuill aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta.

READ MORE

Agus mura raibh i Sinn Féin an t-am sin ach sop bheag, bhí go leor daoine ag obair thar a gceann nach raibh drogall orthu a gcás a throid go borb.

Níorbh ócáidí iad cruinnithe poiblí - fiú ar ollscoil - do dhaoine a bhí cúthail mímhuiníneach. Bhí ionadaí poblachtach de chineál inteacht ar an ardán le Hume ach chart caint Hume chun tosta é.

Is é an t-iontas é go gcreideann daoine anois gurbh ionann "polaiteoirí gairmiúla" nó "polaiteoirí bunreachtúla" le béarlagair phoblachtach na linne a úsáid (sula ndearna siad polaiteoirí gairmiúla leathbhunreachtúla díobh féin) gurbh ionann iad agus fealltóirí, daoine gan chreidbheáil, gan chúis.

Ach an té a thug cluas le héisteacht do Hume an lá sin, chuirfí ar mhalairt tuairime é. Thuigfeá gur bhain uaisleacht le polaitíocht - labhair sé le paisean, le díograis agus le fearg faoina raibh ag tarlú sa Tuaisceart. Labhair sé ar dhínit an duine agus ar mhífhiúntas an fhoréigin. Rinne sé scrios ar leithscéalta sotalacha lucht tacaíochta an fhoréigin; ní raibh ciall acu agus ní raibh tuigse acu ar a stair féin.

Is éachtach an óráid a rinne sé nó bhí mic léinn ciniciúil go maith an t-am sin. Is ar éigean go raibh ciall againn do pholaitíocht; do dhíospóireacht nó do chomhar.

Is ar éigean go raibh aithne againn ar dhaltaí ó scoileanna eile - lean an deighilt idir Caitliceach agus Protastúnach ar aghaidh ar champas na hollscoile i mórán cásanna. Ní raibh ann ach gur roinn na mic léinn an spás céanna ranga; ní i gcónaí a roinn siad caidreamh.

An t-am sin féin, chuir Hume m'athair i gcuimhne dom (níl ach dhá bhliain eatarthu ó thaobh aoise de) agus bhí gnásanna ghlúin sin m'athar aige - an mhéar ag bagairt ort; an chaint lom dhíreach agus í géar dá mba ghá.

Níor bhain slítheántacht ar bith lena chur i láthair nó ní dhearnadh iarracht dá laghad cluain a chur ar dhaoine. Bhí teachtaireacht aige agus thug sé an teachtaireacht sin ar bhealach a d'fhág lucht a cháinte sa halla balbh.

Chonaic mé go minic é ar an teilifís ina dhiaidh sin agus chuala é i mbun cainte den sórt céanna agus an fuinneamh céanna ann. Bhain sé preab asam é a fheiceáil ar an Late, Late an oíche faoi dheireadh agus chomh tláith agus a bhí sé san aghaidh. Bhí sé ag fulaingt, a dúirt sé, ó thuirse, tuirse mharbhánta leanúnach. Thuigfinn dó. Bhain sé le glúin a chaith blianta a gcumais ag steachailt le foréigean agus fadhbanna polaitíochta. Cá hiontas gur fágadh spíonta iad, aosaithe roimh am?

Is é an íomhá eile atá agam de é bheith ag caoineadh uisce a chinn i ndiaidh tórraimh eile. Ní minic a fhágann polaiteoirí iad féin chomh ris sin os comhair an tsaoil. Maireann an íomhá ar fad - na súile lán uisce; é ag smeacharnach in aghaidh an uafáis.

Ní shamhlaím mórán polaiteoirí poblachtáncha nó dílseacha á dhéanamh a leithéid, fiú go príobháideach. Cluineann tú iad agus a gcuid línte caite gur fhulaing gach duine agus tuigeann tú láithreach nach gcreideann siad ar chor ar bith é; gurb é an rud "polaitiúil" acu é. Tá na súile chomh fuar le sioc.

Beidh le feiceáil cad é an breithiúnas a thugann an stair ar chumas Hume mar pholaiteoir. Ach tá rud amháin fíor - beidh mórán daoine ina ndílleachtaí polaitiúla ina dhiaidh.