Dha chluas

 

Tá leagan nua álainn de Dhá Chluas Capaill ar Labhraí Loingseach (Cló Mhaigh Eo, €8.99) anois ar fáil.

Eithne Ní Ghallchobhair a scríobh agus ní bheidh deacracht ag páiste ar bith leis an dóigh shoiléir a insíonn sí an scéal. Níl amhras ann ach an oiread ach go meallfaidh na léaráidí lándaite le Donal Casey léitheoirí óga fosta; tá siad thar barr.