Dha chead bliain den dan

Beocheist: Dhá chéad bliain ó shin i gcathair Luimní is ea bhásaigh Brian Merriman, múinteoir matamaitice a bhain dhá dhuais…

Beocheist: Dhá chéad bliain ó shin i gcathair Luimní is ea bhásaigh Brian Merriman, múinteoir matamaitice a bhain dhá dhuais san RDS as a bharra lín, nó sin é an cineál cur síos a déanadh air ina fhógraí báis.

Ar ndóigh is mar fhile is fearr aithne air, file a chaith breis agus leathchéad bliain i gCo an Chláir, áit ar chum sé Cúirt an Mheán Oíche "an dán grinn is mó le rá dár cumadh in Éirinn riamh," mar a deir Seán Ó Tuama sa réamhrá in eagrán a chuir Cumann Merriman amach i 1968.

In Inis Díomáin a rugadh Merriman agus tá an dá thuairim ann cé acu arbh é an saor cloiche a phós a mháthair thart faoin am sin, nó duine eile a bhí mar athair air.

Tá tábhacht áirithe leis seo mar go bpléitear leanaí tabhartha sa dán. I measc na nithe eile den tsórt a phléitear sa dán tá míshásamh mná óige a bhí pósta le seanduine agus cailín a bhfuil teipthe uirthi céile a aimsiú ar chor ar bith.

READ MORE

Ní dán réabhlóideach é - téamaí coitianta i litríocht na meánaoiseanna is ea iad sin. Is é an rud is suntasaí faoin saothar seo an "bua ainspíonta grinn agus bua líofachta thar an ngnáth" a léirítear ann. Dán don chluais is ea é, a chuirfeadh fonn ort é a léamh amach os ard (rud a dhéanfar ina iomláine ag Scoil Gheimhridh Merriman an deireadh seachtaine seo).

Ó thaobh faid agus foirme de, 1,026 líne atá ann, sé sin breis agus 30 leathanach, ar a bhfuil an struchtúr seo: prólog (aisling), trí mhonalóg dhrámata (an plé) agus eipealóg (an breithiúnas).

Sa bhliain 1780 a ceapadh an Chúirt, an bhliain chéanna a scríobh file eile, Tomás Ó Míocháin síos rialacha do chúirt éigse, a chruinnigh le chéile in Inis.

Dar le Liam P. Ó Murchú, Saoi na hÉigse (2000) gur "deacair a chreidiúint go raibh ceapadh na Cúirte i bParóiste na Fiacaile agus obair na cúirte filíochta timpeall 20 míle slí siar in Inis beag beann ar a chéile".

Agus cé gur san 18ú haois a scríobhadh an dán, mar a deir Ó Tuama: "Ní fear den Enlightenment Brian Merriman ... dob fhear é gur mhó a ghealfadh a chroí le Chaucer nó le Jean de Meung - an té a scríobh an dara cuid den Roman de la Rose - ná le haon phearsa liteartha de lucht a chomhaimsire féin."

A deir Risteárd Ó Foghludha sa réamhrá leis an eagrán a chuir sé amach sa bhliain 1912, "gur líonmhaire de naoi n-uaire déag an lucht atá dall ar an scéal ná an dream atá oillte ar imeachtaibh na Cúirte".

Ach spreagann sé an léitheoir, "ná tuigeann go cruinn an aiste tríd síos," nuair a deir sé, "Go deimhin tá nidhthe áirithe go bhfuil gach éinne againn dall orthu." Ar an dtaobh eile de, deir Ó Tuama, ina leabhar aistí, Repossessions: "It is a mammoth readable achievement with little need of gloss."

Chomh maith le cóip átagrafaithe an údair féin, i gCambridge, tá líon mór láimhscríbhinní eile a bhfuil an dán iontu. Sa 20ú haois cuireadh i gcló suas le dosean aistriúchán go Béarla agus leagan Gearmáinise sa Zeitschrift fur Celtische Philologie. Beidh fáil arís air in I bhFábhar Béithe le Liam P. Ó Murchú, a sheolfar an deireadh seachtaine seo.

Sa bhliain 1967, bunaíodh Cumann Merriman chun ainm agus saothar Bhrian Merriman a bhuanú agus le spéis a chothú i ngach gné de dhúchas na hÉireann: an Ghaeilge; an stair; an litríocht agus an ceol. Reáchtáiltear Scoil Shamhraidh agus Scoil Gheimhridh gach bliain chun na cuspóirí seo a chur i gcrích. Teanga, stair agus seandálaíocht Thuamhumhain a bhí mar théama ag an chéad Scoil Shamraidh, a bhí in Inis.

Agus "coiste acu cruinnithe le chéile" i spleodar seo na 1960í, mhol Máirtín Ó Cadhain, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus Tomás de Bháldraithe, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Scoil Gheimhridh le comórtas filíochta a thabharfadh deis d'fhilí na tíre plé a dhéanamh le chéile ar a gcuid scríbhneoireachta.

Ar an Aonach, i gceantar stairiúil Thuamhumhan a bhí an scoil sin. Tharla gur ann a bhí cónaí ar Nuala Ní Dhomhnaill ag an am agus, cé go raibh sí fós ina cailín scoile, léigh sí dán dá cuid ann. Rud a thugann go deas sin go Scoil Gheimhridh na bliana seo mar is í Nuala Ní Dhomhnaill a bheas á hoscailt.

"Brian Merriman 1805-2005" téama na scoile, a thionólfar i mBun Raite, Co an Chláir, an deireadh seachtaine seo.

Eolas: 086-3820671 nó eolas@merriman.ie nó www.merriman.ie