Dha cheacht

Dhá cheacht phearsanta as cogadh síoraí athsheilbh teanga

Dhá cheacht phearsanta as cogadh síoraí athsheilbh teanga. Chuir Foras na Gaeilge preasráiteas Gaeilge chun an cholúin seo faoi thionscnamh nua ríomhaireachta a bhí idir lámha acu le Microsoft.

Scríobhadh: "I gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Ollscoil Uladh, Ollscoil Mhaigh Nuad, agus Ollscoil Luimnigh, tá Microsoft ag féachaint le leagan Gaeilge de Word XP agus Office 2003 a tháirgeadh. Beidh na leaganacha Gaeilge le fáil saor in aisce ach Paca Comhéadain Teanga (LIP) a íoslódáil ón Idirlíon. Beidh an LIP (nó Paca Comhéadain Teanga) Gaeilge ar fáil taobh istigh de bhliain..."

Tá a fhios agat go bhfuil tú san fhaopach nuair, ní hé amháin, nach n-aithíonn tú na hainmfhocail, ach nach dtuigeann tú cén chiall atá leis na briathra agus ní féidir leat, idir ainmfhocail agus bhriathra, a aimsiú in Ó Dónaill.

Agus ó bhí tuairisc bheag ar an ábhar le scríobh i mBéarla don leathanach teicneolaíochta, bhí ar bhur gcolúnaí scairt a chur ar urlabhraí Fhoras na Gaeilge, ceann faoi air, agus, a iarraidh, há, ní chreidfidh tú seo, ach, mura miste leat, ém, mura gcuirfeadh sé trioblóid ar dhuine ar bith, fan go gcluine tú seo, ar mhiste leat an preasráiteas sin a chur ar fáil sa teanga oifigiúil eile, tá a fhios agat, an ceann a bhfuil stádas oifigiúil aige san Aontas Eorpach - Béarla buí na Banríona?

READ MORE

An dara ceacht - mar is eol do léitheoirí an cholúin seo, tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl agam agus ag mo chéile mná na páistí a thógáil le Gaeilge - cé gur beo dúinn i gceantar ar éag an teanga ann tá 200 bliain ó shin, nach bhfuil Gaeilge ag duine ar bith i ngréasán mór na clainne agus nach bhfuil teacht againn ar ghaelscoil nó ar sheirbhísí teanga.

Labhrann muidne, tuismitheoirí, Gaeilge leo i ndúil is go mbeidh toradh inteacht ar an chaint. Tuigeann siad triúr gach rud a deirtear leo nó a fhiafraítear díobh nó a ordaítear dóibh ach freagraíonn i mBéarla; diomaite den chorrfhocal glórach a thiteann anuas ó neamh mar a bheadh aingeal ar cuairt ann. Tháinig cailín de na páistí chugam an tseachtain seo agus dúirt: "Daddy, I know how to spell "cow": b.o."