'Deis iontach' caillte ag Mary Hanafin

Creideann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur chaill an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, "deis iontach cur leis…

Creideann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur chaill an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, "deis iontach cur leis an bplé" faoi thuarascáil an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus í ag caint leis na ceardchumainn mhúinteoireachta thar an Cháisc.

Dúirt urlabhraí thar ceann na Comhdhála, Adelaide Nic Chárthaigh, gurbh ábhar iontais agus díomá acu nach ndearna an tAire Hanafin tagairt ar bith do thuarascáil an Choimisinéara, áit ar scríobh sé gur cheart athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge.

D'aithin an Chomhdháil gur labhair Hanafin ar an tuairisc ar raidió agus ar theilifís ach ba thrua leo nár lean sí den díospóireacht sin agus í ag caint le múinteoirí, na daoine a bhí freagrach as teagasc na Gaeilge.

Dúirt Nic Chárthaigh: "Is í tuairim na Comhdhála go bhfuil gá ag an Rialtas, má tá siad dáiríre faoin nGaeilge agus faoi fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, gníomhú láithreach ar na nithe atá sainithe ag an gCoimisinéir."

READ MORE

Mar chéad chéim chuige sin, bhí an Chomhdháil ag eagrú cruinnithe a thabharfadh na heagrais oideachais le chéile agus tuairisc a ullmhú faoi mholtaí an Choimisinéara i dtaca le múineadh na Gaeilge de.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Aire Oideachais i mBéarla gur thug sí le fios ag na comhdhálacha gur ghearr an t-am a bhí ar fáil aici agus nach dtiocfadh léi labhairt ar gach aon ábhar.

Ach labhair sí faoi thuarascáil an Choimisinéara ar ócáidí eile:

"The Minister did a number of interviews with Irish-language media, RnaG and TG4, on both conference days and covered the issue of the Coimisinéir Teanga report ... The Minister has said that the views of the Coimisinéir Teanga will be seriously considered in moving forward."

Ní raibh an t-urlabhraí ábalta a rá cá huair a bheadh "moving forward" i gceist nó cén cruth a bheadh ar a leithéid.

D'eisigh coiste náisiúnta na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaelscoileanna, ráiteas arú inné ag tacú leis an Choimisinéir: "Fáiltíonn Gaelscoileanna roimh na moltaí faoi mhúineadh na Gaeilge i dtuairisc an Choimisinéir Teanga. Ceapaimid go bhfuil géarghá le díospóireacht tomhaiste ar mhodhanna múinteoireachta agus ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna go léir.

"Creidimid gur gá teacht ar na bealaí is éifeachtúla chun teangacha a theagasc sna bunscoileanna agus sna hiarbhunscoileanna ó cheann ceann na tíre. Caithfimid féachaint ar thaighde idirnáisiúnta ar mhúineadh agus ar shealbhú teanga. Caithfimid breathnú ar na modhanna múinteoireachta atá in úsáid i dtíortha eile."

Mheas Ó Cuirreáin ina thuarascáil go bhféadfaí caiteachas €500 milliún sa bhliain bheith i gceist le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais agus gur chaith daltaí bunscoile agus meánscoile beagnach 1,500 uair an chloig ag déanamh staidéir ar an teanga.

Bhí "géarghá le hathbhreithniú cuimsitheach, fuarchúiseach ar gach gné d'fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais, le cinntiú go mbeidh sé mar thoradh ar mhór-infheistíocht leanúnach an Stáit sa teanga go mbeidh ardchumas agus líofacht sa teanga ag daltaí ar fhágáil scoile dóibh tar éis 13 bliain a chaitheamh ag foghlaim na teanga, má táimid dáiríre faoin teanga a chur chun cinn i ngach gné de shaol na tíre - an riarachán poiblí san áireamh."