Deis agus dúshlán

BEIDH SCOIL Earraigh ar phleanáil teanga ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ, Gaillimh, Dé Luain agus Dé Máirt…

BEIDH SCOIL Earraigh ar phleanáil teanga ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ, Gaillimh, Dé Luain agus Dé Máirt.

Is é an Dochtúir Conchúr Ó Giollagáin atá i mbun na scoile. Dúirt sé go raibh an ócáid á reáchtáil “ag tréimhse thar a bheith cinniúnach don Ghaeilge i ngeall ar na leasuithe reachtúla agus ar an gcur chuige pleanála teanga atá á mbeartú faoi láthair don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.” Thabharfadh an scoil deis do lucht na Gaeilge ceisteanna móra ar phleanáil teanga a phlé le saineolaithe idirnáisiúnta a raibh spéis ar leith acu i mionlaigh teanga. Beidh aoichainteoirí as Albain, an Bhreatain Bheag agus na Stáit Aontaithe i láthair.

Eolas: 091-595101