Deireadh le hathbheochan teanga mar thionscnamh náisiúnta

TUARASCÁIL: TÁ SÉ chomh maith againn bheith macánta faoi agus an ‘tuigimid go bhfuil géarchéim eacnamaíochta ann ach...’ a fhágaint…

TUARASCÁIL:TÁ SÉ chomh maith againn bheith macánta faoi agus an 'tuigimid go bhfuil géarchéim eacnamaíochta ann ach...' a fhágaint ar lár an turas seo.

Má ghlactar le cuid de mholtaí an Bhoird Snip Nua maidir leis an nGaeilge is amhlaidh go mbeidh fógra ann go bhfuil deireadh le hathbheochan na teanga mar thionscnamh náisiúnta agus go bhfuil an eotanáis teanga glactha chuige féin ag an Stát mar pholasaí malairte.

Ná cuirimis fiacail ann: dá nglacfadh an Rialtas le cuid de na moltaí seo, admháil a bheadh ann go gcreidtear nár mhó an só ná an t-anró a bhaineann le hathbheochan na Gaeilge.

Agus ná bíodh aon dul amú orainn, dá nglacfaí le cuid de na moltaí seo bheimis níos fearr as socruithe sochraide na Gaeilge a sheoladh go Raidió na Gaeltachta agus lá maith bheith againn á hadhlacadh. Sea, ní tubaiste go tobghearradh.

READ MORE

Molann an tuarascáil, mar shampla, go gcuirfí cúram na teanga faoin Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an roinn leis an rap sheet is faide amuigh maidir le coireanna i gcoinne chur chun cinn na Gaeilge.

Sea, ní thógfá ar éinne é a chreidfeadh, mar a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fheargusa, an tseachtain seo caite, go raibh “naimhde ag an teanga shinseartha ag an leibhéal is airde” sa Roinn Oideachais.

Seo an Roinn – faoi mar a thuairiscigh an Coimisinéir Teanga – nach bhfuil ach 3 faoin gcéad den fhoireann inti ábalta seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil. Seo an Roinn atá ag iarraidh cosc iomlán a chur ar an luath-thumoideachas sna Gaelscoileanna. Agus seo an Roinn a bhfuil ag “teip glan” (focail Aire na Gaeltachta féin, Éamon Ó Cuív) ar a polasaithe féin maidir le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge.

B’fhéidir go bhfuil gá le hatheagar a chur ar chuid d’earnáil na Gaeilge agus an struchtúr riaracháin stáit a bhaineann léi ach tá moltaí sa tuarascáil seo atá bun os cionn ar fad le mianta ‘oifigiúla’ an Rialtais maidir le fóirthint a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus 250,000 cainteoir laethúil ‘a chruthú’ sa Stát laistigh de 20 bliain.

Molann tuarascáil Mhic Cárthaigh go ndúnfaí Roinn na Gaeltachta le roinn nua a bhunú “whose creation could reflect emerging priorities for the Government”.

Níl aon amhras ann ach go gcreideann údair na tuarascála go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na ‘bpríorachtaí’ atá sleamhnaithe ar gcúl agus gurb é an Béarla i gcónaí, mar a dúirt an file tráth, “the perfect language to sell pigs in”.

Más rud é go n-aontaíonn an Rialtas leis an léamh sin ar thábhacht na Gaeilge ní thabharfar ón mbás í.

Mar in ainneoin na ganfhiosaíochta agus na bréagchráiféachta a bhain, agus a bhaineann fós, le cuid mhaith d’iarrachtaí an Stáit i leith athbheochan na Gaeilge, is fíor fós go gcailltear teangacha leochaileacha ceal tacaíocht stáit agus go dtagann teangacha leochaileacha slán ach tacaíocht láidir bheith acu ó na húdaráis.

Má táthar le hatheagar a dhéanamh ar earnáil na Gaeilge, deintear le samhlaíocht agus tuiscint é, dhá rud atá in easnamh ar thuarascáil Mhic Cárthaigh fad is a bhaineann sé le ceist mhaoiniú na Gaeilge.