Daithi doicheallach

Beocheist: Trimble's "multi-ethnic, multi-cultural" society is thin on the ground inOrange Halls, writes Seán Ó hÉalaí

Beocheist: Trimble's "multi-ethnic, multi-cultural" society is thin on the ground inOrange Halls, writes Seán Ó hÉalaí

NÁRBH olc an mhaise do David Trimble lipéad an aon-chreidimh agus an aon-chultúir a thabhairt ar ár bPoblaichtín aoibhinn álainn ó? Agus nár mheasa an t-am a roghnaigh sé lena rá - cúpla lá tar éis don bpobal seo faoi chois na Róimhe cúl a thabhairt le comhairle na hEaglaise Caitlicí agus an Rialtais sa reifreann faoin nginmhilleadh?

Caithfidh sé go bhfuil Trimble ag glacadh ceachtanna i scoil chumarsáide agus thaidhleoireachta John Taylor. Bíonn a fhios ag Taylor i gcónaí an tairbhe atá le baint as cic a thabhairt go poiblí don bPoblacht - nach cuimhin linn go léir é ag maíomh nach mbeadh suim dá laghad aige i "Celtic jigs" agus a leithéid?

Thaitníodh sé sin go mór leis na feirmeoirí bolgacha agus le fir thanaí na coille craobhaí a líonadh hallaí meirgeacha an Oird Oráistigh gach seachtain chun adhradh ag altóir an ilchultúrachais. Sea, ba bheag rud a chuireadh gliondar ar chroíthe na mbráthar tar éis dóibh teacht óna ranganna Fraincise, taispeántais ealaíne agus ceolchoirmeacha clasaiceacha ná sonc maith sna putógaí don bPoblacht.

READ MORE

Bhíodh trácht ar "bhochtanas" i measc na maslaí a chaití in am amháin ach is annamh anois a chloistear an ceann sin. B'fhéidir go dtarraingeodh sé aird ar an bhfóirdheontas fial ón mBreatain a choinníonn an stát ó thuaidh ar siúl.

Ar ndóigh, ní hallaí meirgeacha an Tuaiscirt a bhí i gceist ag Trimble nuair a labhair sé faoi ilchultúrachas agus oscailteacht aigne na Breataine. Bhí sé ag caint faoi ilchiníochas agus leathan-aigeantacht na "mórthíre", nó le bheith cruinn, Londain agus an chomhluadair a chleachtann sé ansin.

Mar, i ndeireadh na dála, is é mian domhúchta gach croí aontachtaigh go n-aithneofaí iad mar Bhriotanaigh.

Na créatúir! Suíonn siad mar a bheadh madraí iontu ag cois na "máthairtíre", iad ag stánadh ar aghaidh na máistreása, ag fanacht le comhartha aitheantais a chuirfeadh a n-eireabaill ar croitheadh.

Ach, ar an drochuair, is fada an feitheamh a bheidh acu leis an aitheantas sin a fháil. Tá sé i ndán dóibh anois agus choíche nach bhfuil fonn dá laghad ar a gcomhBhriotanaigh aon aitheantas a thabhairt dóibh ach mar threibh eile de na "Paddies" uafásacha sin.

Róchaol mar léamh ar an ráiteas conspóideach, áfach, rún Trimble cnámh a chaitheamh lena vótóirí. Bhí sé dírithe chomh mór ar an mheánaicme Chaitliceach agus a bhí sé ar aontachtaithe. Mar tá cuid áirithe den mheánaicme chéanna a bhfuil an meon céanna acu agus atá ag leithéidí Trimble agus Taylor. Feiceann siad orthu féin mar dhaoine atá sofaisticiúil, "du monde" mar a déarfá, agus ba luaithe orthu an diabhal ná cultúr na Poblachta atá ina chultúr tuaithe, dar leo.

Tiocfaidh na daoine seo ar cuairt go Bóthar Lansdowne le haghaidh cluiche rugbaí ach ná hiarr orthu cur suas leis an gCumann Lúthchleas Gael, ceol Gaelach ná cuid ar bith eile den gcultúr taobh amuigh de Riverdance.

Is toradh iad na daoine seo ar 80 bliain den gcríochdheighilt; chuaigh na préamhacha síos níos doimhne ná mar a cheapann daoine. Rugadh na daoine seo le ceol Coronation St ina gcluasa agus ó shin is beag taithí a bhí acu ach ar chultúr na Breataine.

Tá a fheachtas tosaithe cheana féin ag Trimble chun iad a mhealladh agus ní de thimpiste gur iarr sé reifreann faoi athaontú na tíre san óráid chéanna. Is í sin an chloch is mó ar a phaidrín faoi láthair - go maithe sé an léiriú sin den aonchreideamhachas dom. Má chuireann an fhéinmhuinín nua seo olc ar na páirtithe náisiúnacha, is uachtar ar an mhil leis é.

CINNTE, tá tús curtha ag an ráiteas le díospóireacht áirithe sa Deisceart, más í sin an aidhm a bhí aige.

Tá iachall curtha aige ar an bpobal ó dheas breathnú orthu féin agus ceisteanna a chur - ar eagla na heagla go bhfuil smidín den gceart ag Trimble. An bhfuil muid chomh neamhsheicteach agus a cheapamar?

Tá rudaí maithe tagtha as an díospóireacht, ráitis láidre ó mhinistéirí agus easpaig Phrotastúnacha ag moladh an Stáit as cothrom na Féinne a chur ar fáil do na creidimh uile.

Ach tá rianta eile den seanam tagtha chun cinn freisin, rudaí a thugann le fios nach bhfuil poblacht cheart mar a samhlaíodh í againn go fóill.

Sa gcur is cúiteamh ar fad, áfach, aontaíodh ar rud amháin: má tá orlach le siúl ag an bPoblacht chun cursaí a fheabhsú, níl Tuaisceart Trimble ach ag tosú ar thuras an-fhada agus an-phianmhar.

B'fhearr dó díriú air sin.