Dachau

Crobhingne: Bhí mé ann aon uair amháin

Crobhingne: Bhí mé ann aon uair amháin. Dronuilleoga na mbothán leagtha ag síneadh siar uait fad scata pháirceanna peile. Iad ina línte díreacha amhail is nár ceadaíodh an cam. Rud éigin ceart céimseatúil ina dtaobh fad gach n'fhad.

Cad eile a dhéanfá in München ach cuairt a thabhairt ar an mball dorcha sin? I gcathracha áirithe triallann tú ar an ardeaglais, nó ar an músaem, nó i gcás nach cathair de chuid na hÉireann é, ar shiopa éigin. Tá áiteanna san Eoraip, áfach, agus ní foláir triall chun ardeaglais an uafáis. Ba shéanadh dúchais é an diúltamh.

Teipeann an teanga ort agus tú i láthair ar tharla i gceartlár shibhialtacht na hEorpa. Teipeann ceol agus ealaín agus scannánaíocht. Teipeann orthu go léir i dteannta a chéile agus i mullach a chéile.

Ní fonóta ná nodaireacht ná leid gach a bhfuil scríofa ach mionbhrosna i mbladhmthine nach féidir teangabháil léi. B'fhéidir gurb é atá ann, nuair a éilíonn córas ar bith, nó teoiric ar bith dílseacht iomlán go gcuireann sé an daonnacht uile, agus sás a sloinnidh, chun báis.

READ MORE

Imlíne na mbothán sin ina gcnámharlaigh. Samhail dá bhfuil fágtha den duine nuair a bhaintear gach ní anuas de. Amhailt de thaibhse an dóchais.

Tabhairt faoi deara agus lomtuairisciú an freagra is oiriúnaí mar gabhfar trí gach mothúchán eile go pras.

An díorma d'ógshaighdiúirí taobh amuigh ag feitheamh lena dturas in am is i dtráth, cannaí cóc agus ceapairí á slogadh acu le díocas. An díorma féin ar an taobh istigh ag éisteacht le léacht ó stiúirmhaor míleata éigin ar chosúla ina glam í le hóráid phaiseanta ó na tríochaidí seachas aon rud a mhúsclódh machnamh.

"Ionad oidhreachta" an t-ainm a thugaimid anois ar láthair ina nochtar scéal áite le léaráidí, léirscáileanna, leabhráin, físeolas, sleamhnáin, ríomhairí, ach b'ait leat é sin a thabhairt ar thaispeánadh eolais na háite seo.

B'é an chéad rud a rith liom ná líon agus iomad na gcampaí géibhinn ar fud na tíre ar fad. Iad ina gcéadta i ngach ball ag dul in eang a chéile i ngréasán a bhí chomh néata agus miondlúth le téadracha an damháin alla. Níorbh fhéidir nach raibh a fhios ag daoine cad a bhí ar siúl.

Muintir Khartoum ag léirsiú in aghaidh aon iarrachta leis an ollmharú ina gcríocha féin a stop; Seirbigh ag fáiltiú ar ais roimh laoch dá gcuid a ciontaíodh i gcoireanna cogaidh; na milliúin san Iondoinéis ag vótáil ar son duine a ghlac páirt i ndíothú Timor Thoir. Cé dúirt nach bhfuil an cine daonna de réir a chéile? Nó an cás thar réiteach sinn?

Bhí Dachau ar cheann de na chéad champaí gabhála a hosclaíodh. Cheil an falla mórthimpeall a raibh ar siúl istigh ann, ach níor ghátar duit bheith id shaoi d'fhonn an mhioscais faoi ia a fhionnadh.

Thuairiscigh nuachtán áitiúil gur gabhadh duine a bhí ag iarraidh féachaint le teann fiosrachta thar fhalla isteach agus sacadh ann é. "Tá súil againn gur shásaigh sin a chuid fiosrachta," ar siad, le seanbhlas.

An mó pictiúr de chnocáin chorpán is gá a fheiceáil sula maolaíonn ar dhul i bhfeidhm ort? An mó pictiúr de phirimidí phríosúnach lán-nochtaithe tóin-in-airde a bhogfadh croí?

Bhí séipéal agus sionagóg amuigh sa chúinne amhail is go raibh náire orthu a bheith ann. Tláthshoip scaipthe mar mhalairt ar ar scuabadh díobh. Ba dhóigh leat, ar chuma éigin, gur mí-oiriúnach iad, go fiú is i bhfolach ó shúile daoine. Féach is focal chomh leamh le "mí-oiriúnach" á úsáid agam, mar níl focail eile ar fáil a bhfuil aon bhrí iontu.

Bhí Dia sna daoine a rinne an t-uafás chomh dearfach céanna is a bhí sna daoine ar a slí chun a loiscthe. Bhí an dá thógáil eaglasta chomh beag-is-fiú sin gur dhóigh leat orthu go raibh siad tréigthe ag na ceisteanna móra.

Má bhí Dia le brath in aon chor, is sa chiúnas a bhí. B'í an t-aon áit amháin í - seachas Cúil Odair - a raibh mé riamh ann nár eitil an t-éan os a cionn. San áit seo thuigfí duit gur leonadh idir dhiagacht agus dhaonnacht.

Dúirt Sartre in áit éigin gur thóg sé 30 éigin bliain air an fhealsúnacht thraidisiúnta idéalaíoch a dhíbirt as a aigne. Ba ghiorra go mór ná sin a thóg sé ar aon duine a bhí sna campaí seo. Maidir liom féin de, ritheann sé liom go bhfuil duine éigin amuigh ansin, anois, an tráth seo, ball díreach faoi láthair, á sciúrsadh faoi phianpháis, á chéasadh, á chiapadh in ainm fealsúnachta éigin. Tá an scread óna scornach chomh balbh, áfach, leis na héanlaithe os cionn Dachau.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar