Déantar machnamh mar is ceart ar an Chaighdeán Oifigiúil

D’FHÓGAIR AN tAIRE Gaeltachta Éamon Ó Cuív le déanaí go raibh faoi coiste a chur ar bun chun athbhreithniú a dhéanamh ar Gramadach…

D'FHÓGAIR AN tAIRE Gaeltachta Éamon Ó Cuív le déanaí go raibh faoi coiste a chur ar bun chun athbhreithniú a dhéanamh ar Gramadach na Gaeilgeagus Litriú na Gaeilgea foilsíodh den chéad uair i 1958.

Is tráthúil an t-am dó an fógra seo a dhéanamh mar 100 bliain ó shin, ar 15ú Samhain 1910, bhunaigh a sheanathair, Shán Ó Cuív agus Osborn Ó hAimhirgín, An Cuman um Leitriú Shimplí.

Tá mionchur síos ar aidhmeanna an chumainn seo ag Brian Ó Conchubhair ina leabhar Fin de Siecle na Gaeilge(Cló Iar-Chonnacht). Deir sé gur chreid lucht bunaithe an chumainn dá gcuirfí i bhfeidhm an cur chuige foghraíochta ar litriú na Gaeilge a bhí ar intinn acu "go mbeadh ar chumas an chainteora dúchais bheith ina scríbhneoir líofa ar an bpointe boise". De réir a chéile, chreid siad go gcruthófaí "pobal liteartha Gaeilge láithreach bonn, pobal a chumfadh agus a scríobhfadh agus a léifeadh saothar i nGaeilge".

Cé gur fhoilsigh an cumann roinnt leabhar sa litriú simplí agus iris dar teideal Glór na Lyníor éirigh leis tabhairt ar lucht na Gaeilge glacadh leis. Bhí an córas foghraíochta ar a raibh sé bunaithe róghar don Bhéarla agus dar leis na heolaithe loit sé sainiúlacht na teanga ar bhonn litrithe de. Chomh maith leis sin, thug sé tús áite do chanúint na Mumhan.

READ MORE

Agus fiú tar éis bhunú an tSaorstáit ba í an iomaíocht idir na canúintí ba mhó ba chúis le leisce rialtais éagsúla gníomhú chun leagan oifigiúil de litriú agus gramadach na Gaeilge a chur ar fáil. Faoi thús na 1940í, áfach, ba léir do Rannóg an Aistriúcháin nach bhféadfaí cáipéisí oifigiúla stáit a aistriú go sásúil gan comhaontú bheith ann faoi ghramadach agus litriú. I 1941 chuir seanathair Éamoin Uí Chuív ar thaobh a mháthar, Éamon De Valera, coiste ar bun chun “córas litrithe ghairid don Ghaedhilg do mholadh a bhéas feiliúnach le n-a ghlacadh mar chóras chaighdeánach chóchoiteann”.

I 1945 foilsíodh Bunreacht na hÉireann sa litriú nua agus an bhliain chéanna foilsíodh Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil. Cé gur de réir a chéile a bhí sé i gceist an litriú nua a chur i bhfeidhm chuir a lán ina coinne.

I 1953 foilsíodh Gramadach na Gaeilge: Caighdeán Rannóg an Aistriúcháinagus tar éis mionphlé agus leasaithe a dhéanamh air sin foilsíodh i 1958 Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilgeagus is é atá ina chaighdeán oifigiúil ó shin.

Caith foireann Rannóg an Aistriúcháin mórchuid dua leis an Chaighdeán Oifigiúil agus de réir an réamhrá “fuarthas comhairle chúntach ó chainteoirí dúchais as gach ceann de na Gaeltachtaí ó mhúinteoirí agus ó dhaoine eile a raibh eolas ar leith acu ar an teanga”. Mar sin féin, is minic é á lochtú, ag cainteoirí dúchais ach go háirithe, a shíleann go ndéanann sé éagóir ar a gcanúint fein.

Ach mar a deir Antain Mac Lochlainn ina leabhar In Ord agus in Eagar(Cois Life) is le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus leathoifigiúla a mbítear ag súil go mbainfidh daoine leas as rialacha an chaighdeáin agus go bhfuil lánchead ag daoine imeacht uaidh sa scríbhneoireacht chruthaitheach, i dtuairiscí nuachta agus i scripteanna teilifíse.

Bíodh sin mar atá is mór an áis don scríbhneoir bheith in ann an Caighdeán Oifigiúil a tharraingt anuas ón tseilf agus leagan údarásach de litriú nó riail ghramadaí a aimsiú ann.

Is léir don té a úsáideann é go minic go raibh ar na heagarthóirí comhréiteach a dhéanamh maidir le canúintí ach feictear domsa go ndearna siad a ndícheall cothrom na Féinne a thabhairt do gach canúint agus go bhfuil ciall leis na leaganacha a mholtar.

Cén fáth mar sin go bhfuil Ó Cuív ag iarraidh athbhreithniú ar an chaighdeán anois agus cén fáth gur ina Roinn féin sa Lár-Aonad Aistriúcháin seachas i Rannóg an Aistriúcháin a bheidh an obair seo ar siúl? Sa ráiteas a d’eisigh sé deirtear: “Tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Caighdeán Oifigiúil freastal ar riachtanais na haoise seo.”

Is é príomhchúram an Lár-Aonad Aistriúcháin, a cuireadh ar bun ag tús na bliana seo, cáipéisí ranna rialtais a aistriú go Gaeilge.

Ó tháinig ann d’Acht na dTeangacha Oifigiúla bhí a lán de na cáipéisí seo á dtabhairt amach do chomhlachtaí príobháideacha ar chostas ard don Stát agus ní raibh caighdeán an aistriúcháin ina lán acu le moladh.

An amhlaidh go bhfuil brú á chur ar an Aire an t-ardchaighdeán a leagann Rannóg an Aistriúcháin síos dá haistritheoirí a ísliú agus caighdeán nua a chur ar fáil a bheadh níos oiriúnaí?

Is fíor go bhfuil go leor rudaí i gCaighdeán Oifigiúil (1958) atá imithe ó chaint na Gaeltachta, agus gur cheart rialacha áirithe a athrú mar gheall air, ach tá a lán rudaí i gcaint na Gaeltachta atá glan in aghaidh nádúr na teanga agus má cheadaítear dóibh ní bheidh sa Ghaeilge ar deireadh ach Béarla trí Ghaeilge.

Ba mhaith liom a cheapadh go dtabharfaidh an coiste a bheidh i mbun athbhreithniú Gramadach na Gaeilgeagus Litriú na Gaeilgean t-aitheantas is dual dá bhfuil ann agus nach n-athrófar rud ar bith gan go leor machnaimh a dhéanamh air.