Cursa samhraidh

Beidh Fiontar, an t-aonad oideachais fiontraíochta trí Ghaeilge, ag eagrú cúrsa samhraidh ríomhaireachta do dhéagóirí (12-15 …

Beidh Fiontar, an t-aonad oideachais fiontraíochta trí Ghaeilge, ag eagrú cúrsa samhraidh ríomhaireachta do dhéagóirí (12-15 bliain d'aois) le linn mhí an Mheithimh.

Deis atá ann do dhaltaí scoile teacht isteach ar dhomhan na ríomhaireachta agus, ní hamháin sin, an ríomhaireacht a dhéanamh trí Ghaeilge, de réir lucht a eagraithe. Seachtain a mhairfidh gach cúrsa.
Beidh an chéad cheann ar siúl idir Dé Luain 10ú agus Dé hAoine 14ú Meitheamh. Má bhíonn éileamh air, cuirfear cúrsa breise ar siúl idir Dé Luain 17ú agus Dé hAoine 21ú Meitheamh.

Eolas: 01-7008503 nó meabh.niloingsigh@dcu.ie