Cumas cumarsaide

Bhronn Oireachtas na Gaeilge a nGradaim bhliantúla Chumarsáide ag an deireadh seachtaine.

Bhronn Oireachtas na Gaeilge a nGradaim bhliantúla Chumarsáide ag an deireadh seachtaine.

Aithníodh Neasa Ní Chualáin ó Raidió na Gaeltachta as a cuid oibre i gcúrsaí nuachta agus faisnéise agus thug a comhghleacaí stáisiúin, Seán Bán Breathnach, an chraobh leis in imeachtaí ceoil agus spóirt. Páidí Ó Lionaird a ainmníodh mar Phearsa na Bliana don teilifís agus ba é Oileán Thoraí an clár ab fhearr.

Eagarthóir Saol, Colm Ó Tórna, a ainmníodh as feabhas a chuid iriseoireachta nuachtáin agus ba é Timlín Ó Cearnaigh, TG4, a ainmníodh mar Iriseoir na Bliana. Tugadh aitheantas fosta d'fhoireann Lá as a gcuid oibre agus bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide orthu.