Cumann olta ar an chlai

Beocheist: Dearcadh an aosa óig i leith alcóil a athrú, sin phríomhaidhm na moltaí atá i dtuarascáil an tascfhórsa a bhunaigh…

Beocheist: Dearcadh an aosa óig i leith alcóil a athrú, sin phríomhaidhm na moltaí atá i dtuarascáil an tascfhórsa a bhunaigh Cumann Lúthchleas Gael chun dul i ngleic le fadhbanna ólacháin agus drugaí ag daoine óga. Máiréad Ní Chinnéide a scríobh.

Is é iarchaptaen fhoireann iomána na Gaillimhe, Seosamh Ó Conghaile, a bhí ina chathaoirleach ar an tascfhórsa agus bhí an paisean céanna ina ghlór agus é ag caint faoi obair an tascfhórsa agus a bhí an Domhnach sin nuair a d'ardaigh sé Corn Mhic Cárthaigh i bPáirc an Chrócaigh agus a thug óráid chorraitheach i nGaeilge don slua.

Ach mar is eol go maith don Chonghaileach is iomaí athrú atá tagtha ar shaol na hÉireann, gan trácht ar Chumann Lúthchleas Gael, ón Domhnach sin in 1980, agus ceann de na mórathruithe sin is ea an méadú mór ar líon na ndaoine óga a théann thar fóir le hólachán.

Gach Satharn agus Domhnach, idir seo agus deireadh mhí Mheán Fómhair, i mBaile Átha Cliath agus sna mbailte eile ina mbeidh cluiche mór ar siúl, feicfear na sluaite daoine óga, lucht leanúna na bhfoirne, ag titim as a seasamh agus ag urlacan ar na sráideanna ní amháin an tráthnóna tar éis na gcluichí ach ar maidin fosta sula dtosaíonn siad.

READ MORE

Agus ó cheann ceann na tíre tá bainisteoirí na gclub ag gearán nach féidir leo daoine óga a fháil amach chun cluiche a imirt maidin Domhnaigh siocair iad bheith ar ragairne an oíche roimhe.

"Táimid ag moladh gurb iad na struchtúir ar an talamh i ngach paróiste agus baile a thabharfadh aghaidh ar an fhadhb seo," a dúirt an Conghaileach i mBéarla ag ócáid seolta na tuarascála.

Thagair sé do na moltaí inti chun oifigigh oilte a cheapadh i ngach contae agus i ngach club chun plé le fadhbanna alcóil agus drugaí.

Tá moltaí fónta eile sa tuarascáil maidir le cosc a chur le hurraíocht chomhlachtaí alcóil agus tithe tábhairne do chlubanna agus d'imreoirí ach níl moladh cinnte ann maidir le deireadh a chur le hurraíocht Guinness don Chraobh Iomána, urraíocht ar fiú dhá mhilliún euro sa bhliain do CLG.

Ag cluiche ceannais na craoibhe anuraidh agus Corn Mhic Cárthaigh á bhronnadh ar chaptaen Chill Choinnigh, bhí ribíní le Guinness scríofa orthu ag sileadh ón chorn agus fógraí do tháirgí an chomhlachta sin ar fud na páirce. Is amhlaidh a bheidh arís i mbliana, ach amháin, b'fhéidir, nach é captaen Chill Choinnigh a bheidh ag ardú an choirn.

"Ní hí urraíocht ó chomhlachtaí ar nós Guinness an t-aon chúis leis an mhéadú ar líon na ndaoine óga a ólann barraíocht," a dúirt Uachtarán CLG, Seán Ó Ceallaigh, agus is fíor dó.

Tá glúin daoine óga ann anois nach féidir saol sóisialta a shamhlú gan alcól agus is údar alltachta an méid alcóil atá ar a gcumas a chur siar gan trácht ar an mhéid airgid atá acu le caitheamh air.

Tá an toradh le feiceáil sna bruíonta sráide, sna taismí bóthair agus sna tubaistí eile a tharlaíonn de bharr meisce.

In agallamh raidió a rinne sí ar na mallaibh chuir an scríbhneoir, Germaine Greer, aos óg na tíre seo i gcomparáid le bundúchasaigh na hAstráile nó Mheiriceá a d'iompaigh ar an alcól nuair a bhí a gcultúr féin agus a bhféinmheas féin caillte acu. Dúirt sí gur oir sé do na cóilínithe sna tíortha sin an scéal bheith amhlaidh.

Bunaíodh CLG chun féinmheas a chothú i measc mhuintir na hÉireann agus bhí baint nach beag aige leis an ghluaiseacht chun neamhspleáchas a bhaint amach.

Ach cé chomh neamhspleách agus atá muid?

An iad na comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar nós Guinness na máistrí nua atá againn?

Ní móide go ndéanfadh sé an oiread sin difríochta do chultúr an ólacháin dá gcuirfeadh CLG deireadh le hurraíocht Guinness ach thabharfadh sé dea-shampla.

Is beag is fiú scéimeanna bheith ar siúl ag na clubanna chun daoine óga a oiliúint chun an mheasarthacht a chleachtadh i gcúrsaí ólacháin má tá an cumann féin ceannaithe ag comhlacht alcóil.

Tuigtear go bhfuil lucht ceannais CLG ag fanacht go n-eiseoidh an Rialtas treoirlínte maidir le hurraíocht ó chomhlachtaí alcóil d'imeachtaí spóirt de gach cineál sula ndéanfaidh siad cinneadh.

Ach cén fáth fanacht?

Ní raibh leisce ar CLG ceannaireacht a thabhairt san am atá thart. Ná bíodh leisce anois orthu.