Cuisneoir, daddy

Ó THARLA cónaí bheith orm i gcúinne an-chiúin sa cheathrú páirc ghlas is beag uilig tacaíocht atá le fáil dom mar thuismitheoir…

Ó THARLA cónaí bheith orm i gcúinne an-chiúin sa cheathrú páirc ghlas is beag uilig tacaíocht atá le fáil dom mar thuismitheoir le mo chuid páistí a thógáil i nGaeilge.

Béarla ar fad a bhí ar bhunscoil ag mo pháistí ach tá an duine is sine (13) anois ar mheánscoil agus ranganna Gaeilge le fáil aige – ranganna atá ag cur go mór lena chumas labhartha féin nó tá sé anois ag freagairt ceisteanna i nGaeilge san áit a mbíodh Béarla in úsáid aige.

Bhí sé lorg úill an lá faoi dheireadh agus dúirt mé leis: “Amharc sa fridge.” “Cuisneoir, daddy,” a d’fhreagair sé, “cuisneoir.”