'Cuir m'ainm air'

Tá na chéad socruithe i dtreo líonra oideachasúil do theangacha neamhfhorleathana déanta i ndiaidh gur reáchtáil Foras na Gaeilge…

Tá na chéad socruithe i dtreo líonra oideachasúil do theangacha neamhfhorleathana déanta i ndiaidh gur reáchtáil Foras na Gaeilge comhdháil ar an earnáil, Voces Diversae, i mBaile Átha Cliath, an tseachtain seo caite.

Dúirt comhordaitheoir na hócáide, Dónall Ó Riagáin, go raibh sé "an-sásta" leis an chomhdháil tré chéile agus leis an toradh a bhí uirthi. "Chuir sé iontas orm an oiread sin daoine a tháinig chugam agus dúirt gur theastaigh uathu bheith páirteach ann. Dúirt siad uilig: "Cuir ár n-ainm air"."

Thoiligh an Dochtúir Medwin Hughes, Coláiste na Tríonóide, Carmarthen, go gcuirfeadh a roinn áiseanna agus acmhainní ar fáil don líonra láithreach. Tá ceannaire an British Council i mBéal Feirste, Anne Malamah-Thomas, le cruinniú a shocrú ag deireadh na bliana leis na socruithe éagsúla a tharraingt le chéile.