Cuir i gcás

Crobhingne: Cuir i gcás go raibh an puisín Ceilteach fós beo, agus cuir i gcás gurbh é an caipitleachas crobhingneach a bhí…

 Crobhingne: Cuir i gcás go raibh an puisín Ceilteach fós beo, agus cuir i gcás gurbh é an caipitleachas crobhingneach a bhí i gcónaí i réim, agus cuir i gcás gurbh í an teanga seo againn a bhí réimiúil i gcúrsaí gnó agus fógraíochta, nár dheas an obair a dhéanfadh sé dár gcóipscríobhaithe binnbhriathracha?

Bhí an nathaíocht i gcónaí sa dúchas againn sa chás nach bhfuil sa chuid is fearr de litríocht chaint na ndaoine ach nathaíocht bun barr scun scan.

Bhí muintir Guinness riamh chun tosaigh ar chách in aclú na teanga, agus bhí an tsimplíocht ginte ina gcuid fógraí. Is mó duine a d'fhoghlaim gramadach ó "Is fearrde tú Guinness", agus chuir tic toc an chloig ar an oileán tart ort san fheitheamh fada roimh an mbéic "Tá sé ag teacht!" N'fheadar, áfach nach bhfuil cuid den ghontacht sin imithe. Cad déarfaí anois, áfach, le "Guinness: cuirfidh sé bús ionat!"

Níl i gceist agam ach cabhrú leis an tionsclaíocht GhaelÉireannach, ar ndóigh. D'fhéadfadh ispíní Denny's a chur os ard gur bagún iad "ó mhuin na muice". Agus plúr Odlams gurb é "Plúr na mbán ó" é. Maidir le cúrán de, is dócha go gcuirfeadh "Bog bréan den seanduine" le díolaíocht earra ar bith, agus d'oirfeadh "Folaíonn gá gráin" do phúdar cnis éigin. B'fhéidir "Ní fear riamh é go dtí go gcaitheann sé (líon isteach an bhearna)" a úsáid chun na críche céanna. Agus ós ní é go dtaispeánfaí cuid díobh seo ar an teilifís, samhlaím pictiúr de chailín álainn amuigh ansin, na sléibhte ar a cúl, liopaí móra dearga uirthi agus "Bean na mBeola" mar theideal ar scannánóg a bheadh ag reic an bhaitín dheirg leis an bpobal baineann (don chuid is mó).

READ MORE

Bhíodh ardcháil ar na fógraí sin a dhéanadh léine níos gile ná gile na gile. Feicim neach (níor ghá gur bean a bheadh inti, gan amhras) ag baint na n-earraí bána amach as an meaisín níocháin agus an neach ag rá le sásamh: "Mhuise, gan smál!" Maidir leis an mbáine de, d'fhéadfadh guma coganta a chuid maitheasaí a scaoileadh chugainn "Ó na fiacla amach".

Tá earraí eile ann agus ní féidir iad a fhógairt os ard. Ar chúla téarmaí nó ar an Idirlíon a chuirtear os ár gcomhair iad. Tá tionscal maith ceimiceán againn cheana, agus b'fhurasta do lucht déanta EPO, an druga sin a dhéanann capaill ráis d'asail, a n-earra a dhíol leis an mana, "Is den scoitheadh é!" Mar a chéile leis na coiscíní. Cad déarfaí le "Coiscíní Gaelacha: an craiceann agus a luach."

Ar na saolta seo, leis an ndrochbhia ar fad a dháiltear orainn ní hiontas go dtagann an iatacht ar go leor ionas nach ar an teach beag a bhíonn a dtriall. Pé rud a dhéanfadh an gad a scaoileadh níorbh fholáir "Nuair is crua don chailleach..." a scríobh faoina bhun, agus ligean don tomhaltóir é a chríochnú dó féin. Nuair a bheadh tráite ar an bhfógra, bhainfí cúpla bliain eile as "Is fearr rith maith ná..."

An tionscal mearbhia is cúis le go leor de seo, tionscal nach dtagann aon sos air ach ag maíomh: "Is binn béal ag ithe", nó ar uaire, "Gabhann cearc throm i bhfad", nó "Ceap ceapaire inniu". Comhghleacaithe tá acu i ngnó na seacláide, agus cé nach miste liom barra Mars ó am go chéile níor chás dóibh a rá suas le cineálacha eile nach iad "An dá bhar a chéile iad".

Nuair a bhíonn deireadh déanta acu seo leat caithfear triall ar na poitigéirí adeir go dtig "Na táinte ón tsláinte" ach ní móide go gcuirfidh siad an méid sin in airde ar an doras. Sna siopaí céanna sin ní hannamh daoine ag ceannach lanna d'fhonn iad féin a bhearradh mar gur "Diail an gearradh brád iad", bíodh is go ndeirtear gurb é "An té a bhfuil scian aige feannadh sé" atá acu i Luimneach.

De bharr ár gcuid airgid tá boilsciú ar chostas tithe i gcónaí agus is iad na ceantálaithe atá mór as. "Is slán iad leacracha an tí mhóir," mar adeir siad. Is dá réir sin atá an t-éileamh ar seaimpéin, muran "Súilíní thar do chuid iad" dá lán. "Seaimpéin na seaimpíní" an ceann is mó a bhfuil ceannach air sna bruachbhailte gustalacha duilleogchlabhastracha, áiteanna nach bhfuil ceannach ar an ngadharbhia a mhaíonn "go n-itheann madraí na sráide é". In ainneoin a gcuid maoine gabhann na daoine seo thar na spéartha i gcéin ar Ryanair, is dócha mar gheall ar an bhfógra a mhaíonn "Ní dhúnfar an doras ort".

Níor dheacair cuimhneamh ar mhanaí a d'oirfeadh do nuachtáin éagsúla na tíre, ach ní hiad a bheadh buíoch díom. I gcás an chinn seo, áfach, cad mar gheall air: "Tá léamh, agus scríobh agus insint bhéil air"?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar