Cuigear Cliath

Beidh dráma nua Mhichíl Uí Chonghaile, Cúigear Chonamara, ar siúl sa THEatre SPACE@the Mint, Sráid Anraí, Baile Átha Cliath, …

Beidh dráma nua Mhichíl Uí Chonghaile, Cúigear Chonamara, ar siúl sa THEatre SPACE@the Mint, Sráid Anraí, Baile Átha Cliath, Dé Luain ag 8 p.m.

Is é an chéad deis do lucht amharclainne san ardchathair an saothar nua seo a fheiceáil. Leanfar de go dtí an Satharn, 1ú Samhain.

Bronnadh duais Stewart Parker ar an Chonghaileach as an dráma seo, scéal a chuireann síos ar "Chonamara an lae inniu tré shúile cúigear príosúnach". Tá Taibhdhearc na Gaillimhe á léiriú agus is é Darach Mac Con Iomaire a stiúrann. Eolas: 01-8729977