‘Cuíchóiriú’

BEIDH DHÁ chruinniú chinniúnacha ag na heagraíochtaí deonacha an tseachtain seo a thabharfaidh buille faoi thuairim faoina bhfuil…

BEIDH DHÁ chruinniú chinniúnacha ag na heagraíochtaí deonacha an tseachtain seo a thabharfaidh buille faoi thuairim faoina bhfuil i ndán dóibh.

Tiocfaidh na heagrais le chéile amárach ar Iúr Cinn Trá, Co an Dúin, le plé inmheánach a dhéanamh ar a gcuid ról agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge á hullmhú. Bhunaigh na heagraíochtaí iad féin meitheal oibre Nollaig 2009 le hanailís a dhéanamh ar a gcás agus le treoirphrionsabail a leagadh amach a bhain le córas maoinithe, modhanna cumarsáide agus struchtúr comhoibrithe na hearnála.

Sa bhreis air sin, beidh cruinniú ag na heagraíochtaí le Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé hAoine. Scríobh príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, chun na n-eagras ag tús na míosa seo le hinsint dóibh gur thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge “cuíchóiriú a dhéanamh ar an dóigh a mhaoinítear na heagrais bhunmhaoinithe” ag cruinniú i mí na Nollag, 2009.

Chuir Roinn na Gaeltachta litir chun an Fhorais inar chuir siad “in iúl na socruithe a bhí aontaithe” idir Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív, TD, agus Aire Cultúir Thuaisceart Éireann Nelson McCausland. Moladh gur chóir iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach, ó eagras amháin nó líon teoranta eagraíochtaí agus gan athnuachan a dhéanamh “ar bhonn bliantúil ar thiomantais bhunmhaoinithe atá ann cheana de réir mar a théann siad in éag”.

READ MORE

Tá Foras na Gaeilge le comhairleoirí a cheapadh le “samhail nua maoinithe” a ullmhú don earnáil dheonach, le maoiniú eatramhach a chur ar fáil do na heagrais go dtí lár na bliana seo ach gan aon chinnteacht ann go mbeidh maoiniú ar fáil don dara leath de 2010 agus “moltaí agus tuairim na n-eagras maidir leis an bhealach chun tosaigh a fháil”.