Cothrom, mar dhea

Crobhingne: Tá an bhiaiste seo bliana buailte umainn arís

Crobhingne: Tá an bhiaiste seo bliana buailte umainn arís. Torthaí na scrúduithe stáit, rás na bpointí, ionaid á mbaint amach i gcoláistí tríú leibhéal. An díospóireacht shíoraí a leanann seo, gaois nua gach bliana dóibh siúd nár ghaibh tríthi cheana, agus bladar seanghnách dóibh siúd a bhfuil sé feicthe acu go minic.

Is míorúilt linn foighne na n-iriseoirí a fhreagraíonn na ceisteanna céanna bliain i ndiaidh bliana, agus is cúis alltachta dúinn timthriall leadránach na bhfadhbanna a thagann timpeall agus ar ais glúin i ndiaidh glúine ar feadh na gcéadta tamall, ba dhóigh leat.

Is é oighear diachrach an scéil é, áfach, gur beag snaidhm oideachais nach bhfuil inscaoilte ach cúpla cillín inchinne a chuimilt le chéile. Tá an t-oideachas chomh soiléir le heilifint chorcra i lár an ghaineamhlaigh, le gile lánghealaí oíche gan scamall, le hiomrascálaí seang Sumo.

Stoitear gruaig agus déanta baill choirp áirithe a thochas timpeall ar cén fáth nach n-éiríonn le hoiread sin de chlann na ndaor fáil isteach sna coláistí ollscoile suas is anuas le clann an airgid. Tugtar urlabhhraithe na mbréageolaíochtaí chun cláir agus scaiptear figiúir chomh flúirseach le snaois ó shraoth. Agus ní bhíonn de fhreagra acu ach gur fíor go ngabhann síol na meánaicme ina mílte míle isteach sna háiteanna nach ngabhann síol na hoibre láimhe ach ina gcéadta céadta.

READ MORE

Gabhtar le faobhar lom ina dhiaidh sin chun ceist na cothromaíochta a phlé. Go háirithe, conas is féidir a dheimhniú go mbeidh caoi chomhdheise ag léinte garbha agus ag léinte gorma síoda araon. Laistiar den phlé, mar a bheadh talamh coiteann ann, mar a bheadh aer comhscámhógach ann, tá an tuiscint neamhráite gurb é sin atá ag teastáil ó chách. Gurb é atá mar idéal againn go mbeadh gort an oideachais cothrom, go mbeadh an fhaill chéanna in airde ag an daibhir chomh maith leis an saibhir.

Bíodh deimhin de gurb í sin mian na ndaoine thíos, ar an mórchóir. Ach ní hí sin mian na meánaicme. Is í mian na meánaicme na buntáistí a choimeád chucu féin. Is í mian na meánaicme an fál atá ard cheana féin idir a gcineál agus na cosa atá fúthu a ardú, a mhéadú, agus a dhaingniú. Níl aon spéis acu i gcothromaíocht chomhdheise oideachais, ach a mhalairt.

Dá dtosnódh clann na bpócaí tirime ar a theacht isteach i scoileanna na dtáillí, d'imeodh clann an airgid amach astu; dá dtosnódh an lucht oibre ar chuid cluichí an ghustail a imirt, tharraingeodh na téagair cluichí eile chucu féin; dá dtosnódh siad ag caint leis an mblas tachtaithe céanna, bhainfí casadh eile fós as blas cainte na meánaicme.

Níl an scéal seo thar réiteach. Tá misneach léirithe ag Noel Dempsey sa mhéid is go bhfuil sé ag cur in aghaidh na bhfeirmeoirí ramhra agus na gcaipitlithe maoin-thar-farraige agus úineirí seilbhe díomhaoine maidir lena gcuid deontas ollscoile. Baineann an Díomasach le heite Fhianna Fáil d'Fhianna Fáil, agus ní beag sin, an té a rachadh siar trí scór go leith bliain. Rud amháin is ea cur in aghaidh an dreama seo agus an dreama siúd eile laistigh den mheánaicme, ach ainmhí allta eile ar fad is ea seasamh in aghaidh na haicme ar fad agus arb iad a stát-aireacht féin tosach agus gob a loinge iad.

Tincléireacht an dóchas is mó atá againn feasta faoi bhun an saol a chur bun os cionn. Nuair a chuir an t-aire a ladhar san uisce le déanaí maidir le deontais stáit a bhaint de scoileanna na dtáillí, ba dhóbair don uisce fiuchadh, agus músclaíodh bagairt díleann. Bíodh is gur ceart do-shannta é oideachas tríú leibhéal saor do chách, tá argóint ann a mhaífeadh má táthar sásta táillí a íoc ar an dara leibhéal gur chóir go n-íocfaí ina dhiaidh sin, leis, iad. B'fhearr guí ar ghlúine seachas faire trí chiandearcán sa chás seo, áfach.

Ní thabharfar aghaidh ar chothromaíocht san oideachas mar níl sé ag teastáil ó na daoine a bhfuil an chumhacht acu. Beifear ag piocaireacht ar an imeall, ag bronnadh mionscoláireachtaí thall is abhus mar cheirín ar choinsias Críostaí, ag bunú coistí fiosrúcháin, ag breacadh tuarascálacha le cur ar an tseilf is airde thuas, ag slabar ar shocheolaithe, ag taobhú le taighdeoirí, ag olú oideachasóirí, beifear ag déanamh gach díchill chun go dtiocfaidh fad ar mhéireanta is go bhfásfaidh clúmh ar cheist, ach ní déarfaidh aon duine choíche an rud is soiléire ná préachán sa sneachta.

Níl cothromaíocht san oideachas, mar gura fada ón meánaicme agus gach duine dá seolann inti í.