Costas shaoire an tsamhraidh

TUARASCÁIL: DE GHNÁTH, caitheann muid saoire an tsamhraidh mar chlann in Éirinn

TUARASCÁIL:DE GHNÁTH, caitheann muid saoire an tsamhraidh mar chlann in Éirinn. Le cúpla bliain anuas, chaith muid tréimhsí gairide i Sligeach, Cill Mhantáin agus Dún na nGall de rogha ar thíortha na gréine.

Oiread agus is féidir, lorgaíonn muid margadh maith in óstán éigin - ó tharla nach bhfuil fonn ar bith ormsa nó ar mo chéile mná béilte a réiteach. (Saoire dúinn atá ann fosta.)

'Go measartha' an cur síos a dhéanfainn ar na seirbhísí a chuireann na hóstáin sin ar fáil agus scríobh mé roimhe seo nach mbíonn an rogha bia do pháistí thar moladh beirte i mbialanna beaga na hÉireann. Sceallóga agus rud éigin eile a bhíonn ann don chuid is mó agus cuireann sé iontas orm chomh deacair agus a bhíonn sé pláta deas pasta féin a fháil i mbialanna. (Ní mise an duine is eolaí sa chistin ach chuirfinn liathróidíní feola agus spaghetti romhat a bheadh ní b'fhearr ná mórán a bheadh ar fáil i gcaifé.)

Ach chuir muid suas leis sin. Dá olcas cúrsaí, ar a laghad, ní raibh orainn dúshlán aerphoirt a thabhairt. Ach thug mé rud amháin eile faoi deara i mbliana: costas an drochbhia féin. Chaith muid - mise, mo chéile mná agus ceathrar páistí - lón i gcaifé beag i nDún na nGall. Cnaipíní sicín le dingeacha prátaí a fuair na páistí agus sailéad a fuair mise agus mo bhean. An costas? €72. Sea, €72 ar lón. I nDún na nGall.

READ MORE

Caithfidh sé go mbíonn sé an-chostasach sicín Conallach a chothú; go bhfuil na prátaí féin chomh gann anois agus a bhí siad aimsir an drochshaoil agus ná fiafraigh cén costas a bhaineann le glasraí.

Bheinn ag insint bréag dá ndéarfainn go raibh sin eisceachtúil. Am ar bith a d'ith muid lón amuigh - chóir a bheith gach lá i ndáiríre - chosain an bia tuairim is €50 orainn. Anois, is ag caint ar cheapairí, anraith agus deochanna boga atá muid.

Bhain an costas preab asam ag an tús - agus chuir sé fearg orm sa deireadh. Níl mórán acmhainní turasóireachta i nDún na nGall mar atá sé. Má bhíonn an aimsir go holc - agus bhí againn i mbliana - is beag uilig atá le déanamh. Ceann de na nithe beaga pléisiúrtha a bhaineann le saoire seal a chaitheamh ag ithe amuigh. Níor cheart go gcuirfeadh cuairt ar bhialann bheag Chonallach crua ar sparán ar bith. Nó sin a shílfeá.

Caithfidh mé a rá, mar thurasóir Éireannach in Éirinn, go bhfuil mo sháith agam den tír. Tá mo sháith agam den drochbhia agus de na praghasanna arda. Tá rún agam anois cur leis an lag trá eacnamaíochta: caithfidh muid saoire na bliana seo chugainn - agus ár gcuid airgid - thar sáile.

Tocco tapa

NÍ MINIC a thugann duine ar bith bronntanas duit ach bhí bosca deas dubh ag fanacht liom san oifig, ribín thart air agus 'Tocco' scríofa ar an chlár. Guthán póca nua ó mhuintir Samsung Ireland a bhí ann.

Tá an Tocco anois ar fáil agus téacsáil thuarthach i nGaeilge le fáil air ag daoine a cheannaíonn an guthán sa Phoblacht. Tá 44,000 focal Gaeilge i bhfoclóir an ghutháin de réir mhuintir Samsung Ireland.

Mar a tharlaíonn, níl an téacsáil thuarthach doiligh le hoibriú ar chor bith agus aithníonn an guthán an tuiseal ginideach - a fhad is go bhfuil sé ar eolas agat féin sa chéad dul síos, is dócha. Ní hamháin go bhfuil téacsáil Ghaeilge ann ach is féidir leat feidhmeanna ar fud an ghutháin a thiontú go Gaeilge: loga glaonna; leabhar fóin; seinnteoir ceoil; srl agus tá na horduithe a bhaineann leo uilig i nGaeilge fosta.

I ndáiríre, bíodh is go bhfuil lucht na Gaeilge cleachtaithe le hiontais den sórt seo sa lá atá inniu, is áisiúil an fheidhm í agus tháinig mé isteach ar an chóras téacs agus ar na horduithe go gasta. (Lámh thapa ar an tocco, mar a déarfá.)

Ciallaíonn "tocco" "teagmháil" agus ní gan chúis atá an t-ainm sin ar an ghuthán nó ligeann tú do do mhéara dul a dhamhsa ar an scáileán. Tá an t-eispéireas ar fad an-nua-aoiseach.

Tá an guthán an-éadrom i do ghlac agus tá feidhmeanna eile ann - ar nós ceangal Idirlín - nach mbainfinn úsáid astu. Cosnaíonn an guthán €369, suim ard ag duine ar bith agus, cé nach bhfuil mé tógtha leis an phraghas, tá mé tocco leis an téacsáil thuarthach.

Spraoi

NÍL A fhios agam an mbeidh aonach amárach i gContae an Chláir ach beidh mórshiúl inniu i mbaile Longfoirt ag 3.15pm. Tá an t-eagras óige, Coláiste na bhFiann, ag ceiliúradh 40 bliain ar an fhód agus is iad atá ag eagrú an mhórshiúil, Spraoi.

Dúirt ceannaire an choláiste, Caitríona Ní Cheallaigh, go raibh sí ag súil le 400 scoláire ó chúrsaí an choláiste freastal ar an ócáid. Beidh cluichí ann, canfaidh na daltaí amhráin agus déanfaidh siad coiscéim damhsa le linn an lae le taispeáint do gach aon duine an spraoi a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga bheo.

Reáchtálann Coláiste na bhFiann cúrsaí samhraidh agus clubanna óige trí Ghaeilge agus iarscoláirí dá gcuid iad na láithreoirí teilifíse, Bláthnaid Ní Chofaigh agus Hector Ó hEochagáin.

Cith is cith

Scríobh an Conallach, Séamus Ó Grianna, cnuasach clúiteach gearrscéalta, Cith is Dealán, (nó "gealán" sa chaighdeán) lá den saol - nó lá den tsaol ag Conallaigh. Ag amharc ar an aimsir faoi láthair, is é an trua nár thug sé Cith is Cith ar an chnuasach. Is beag gealán a bhí le feiceáil le tamall anuas.

cnaipíní sicín - chicken nuggets - dingeacha prátaí - potato wedges - gealán bright spell - téacsáil thuarthach - predictive texting