Corn Ui Riada le hEamonn

Ba é Éamonn Ó Donnchadha a bhuaigh Corn Uí Riada in Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh ag an deireadh seachtaine.

Ba é Éamonn Ó Donnchadha a bhuaigh Corn Uí Riada in Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh ag an deireadh seachtaine.

Is de bhunadh Chill Bhríghde, Baile Átha Throim, Co na Mí, é Éamonn agus is é seo an tríú huair a bhain sé an corn; éacht nach bhfuil déanta ach ag dornán daoine roimhe seo: Nioclás Tóibín; Nora Mhic Dhonncha agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha.

Mhol na moltóirí Ó Donnchadha as bheith ina "fhonnadóir den scoth" agus stíl an-nádúrtha agus gach focal bheith soiléir aige.

Is é Corn Uí Riada an gradam is mó d'amhránaíocht ar an sean-nós. Máire Ní Chéileachair, Corcaigh, a bhí sa dara háit agus Micheál Ó Confhaola, Camus, Co na Gaillimhe, a bhí sa tríú háit.