Conas fear aerach a aithint

Beocheist: Is minic a chloistear gur feiniméan forleathan é an an frith-homaighnéasacht sa Pholainn

Beocheist: Is minic a chloistear gur feiniméan forleathan é an an frith-homaighnéasacht sa Pholainn. Ón taithí atá agamsa ar an tír déarfainn go bhfuil roinnt fírinne ag baint lena leithéid de thuairim.

Is iar-mhéara ar chathair Vársá é Lech Kaczynski, uachtarán reatha na Polainne. Agus é ina mhéara ar phríomhchathair na Polainne rinne Kaczynski cosc a chur ar mhórshiúl homaighnéasach dhá bhliain as a chéile. Tá ráite ag príomh-aire na Polainne gur rud mínádúrtha é an homaighnéasacht a dhéanann dochar dinstitiúid an teaghlaigh.

Ní ar leibhéal na polaitíochta amháin a thagtar ar dhearcadh den sórt seo. Bhí mé ag comhrá le déanaí le mo chomharsa bhéal dorais, bean singil a bhfuil breis is 70 bliain aici.

Duine eisceachtúil í ar chéad bealach i gcomhthéacs na Polainne. Dar léi nach cóir go mbeadh dualgas na haontumha ar shagairt agus tá sí ar an aon Pholannach amháin nár thaitin Eoin-Pól II léi: "Duine naofa é ach ní fhágann sin gurb éigean dom bheith ceanúil air."

READ MORE

Ach maidir lena barúil den homaighnéasacht níl sí eisceachtúil in aon chor: "Is galar é. Tá a fhios agam sin mar go mbíodh madra agam ar homaighnéasach é." Ní raibh oiread is iarracht den ghreann mar aidhm ag an tseanbhean is an tabhairt faoi deara seo á cur in iúl aici.

Fiú i measc daoine óga a bhfuil oideachas ollscoile orthu, féachtar ar an homaighnéasacht mar rud saobh. Ní hé go mbeadh mímhéin ag na mic léinn seo ar homaighnéasach aonair ach déarfaidís leat gur chuir Dia sinn ar an domhan seo le leanaí a ghiniúint agus mar sin tá an homaighnéasach ag dul in aghaidh a bhfuil le comhlíonadh againn mar dhaoine daonna.

Nó déarfaí leat go mbíonn slipéar ar dhuine leis an saghas seo collaíochta de dheasca gur bhain rud diúltach dó le linn a shaoil. Saol pósta a thuismitheoirí bheith lán d'easaontas nó duine dá thuismitheoirí bheith caillte agus é óg, mar shampla.

Ach conas a d'aithneodh an gnáth-Pholannach duine homaighnéasach? I Meán Fómhair thug mé cuairt ar chara i gcathair Gdansk ar an gcósta Baltach i dtuaisceart na Polainne. Tá Gdansk iltíreach go leor i gcomhthéacs na Polainne, is é sin dá dtabharfá seachtain ann tá seans go dtiocfá ar chiardhuán ar an tsráid.

Ba istigh i dteach tábhairne a bhí mé agus an cara agam is deoch á ól againn. Bhí beirt chailíní ina suí ag an mbord in aice linn is rinne cailín amháin a raibh an tsúil aici dírithe orm cogar a thabhairt dá comhghleacaí. Rinne mé amach leagan tarcaisneach den fhocal homaighnéasach is d'iarr mé ar chailín an chogair a cuid comhchealga nó béadáin a rá amach os ard. "Homaighnéasach tusa, nach ea?" ar sise liomsa go neamhbhalbh. Ba mhó an gáire a baineadh asam ná an fiamh a cuireadh orm agus réasún a tuairime mínithe aici - bhí cos curtha thar an gcos eile agam.

Ní dúirt mé léi go raibh dul amú uirthi. Ach rud ba ghreannmhaire ná an loighic aici ná gur fhiafraigh sí de mo chara agus mé sa leithreas nár rith sé riamh leis gur dhuine mé arbh fhearr liom fir ná mná.

Is "buachaill aerach" é mo chara ach níor aithin mo chailín é sin air, ná geall leis. Ach ní thógfá uirthi é sin - ní raibh cos curtha thar an gcos eile aige.

Ach ní cúis grinn i gcónaí iad claontachtaí is réamhthuairimí na bPolannach i leith na homaighnéasachta. I mí na Samhna eagraíodh mórshiúl comhionannais i gcathair Poznan in iarthar na Polainne. Bhí an léirsiú seo le bheith mar agóid in aghaidh leatroim a dhéantar ar dhaoine toisc iad bheith homaighnéasach.

Chuir údaráis na cathrach cosc ar a leithéid de chruinniú, áfach. An leithscéal a tugadh ná go mbeadh roinnt mhaith daoine míshásta le mórshiúl homaighnéasach is go bhféadfadh na daoine seo sábháilteacht is maoin mhuintir na cathrach a chur i mbaol.

Beag beann ar an gcosc seo chruinnigh na máirseálaithe le chéile. Tháinig lucht a bhfreasúra le chéile chomh maith is rinne a míshásamh a chur in iúl. "Déanfaimid libh mar a rinne Hitler leis na Giúdaigh," is ea a bhagair lucht agóide amháin ar an dara lucht agóide.

Eisíodh breith cúirte coicís ó shin ag rá go an cosc sin ar an mórshiúl comhionannais mídhleathach. Bua éigin é sin do Pholannaigh homaighnéasacha ach dá láidre a thacaíonn an dlí leo, ní leor breith cúirte dearcadh pobail a athrú.

Maidir liomsa de, ní chuirfidh mé cos thar an gcos eile go dtí go mbeidh mé suite go seascair ar ais in Éirinn.