Comhcheilg in aghaidh an chiúnais é an t-ollchultúr

TÁ BREIS is dhá bhliain ó shin ó scríobh John Zerzan aiste a foilsíodh sa tréimhseachán Green Anarchy, aiste a chuaigh go mór…

TÁ BREIS is dhá bhliain ó shin ó scríobh John Zerzan aiste a foilsíodh sa tréimhseachán Green Anarchy, aiste a chuaigh go mór i bhfeidhm orm ag an am. D’athléas arís le déanaí í. Téama na haiste ná acmhainn atá ag éirí gann na laethanta seo. Ola ab ea? Uisce? Ní hea, ach ciúnas.

Mairimid i ndomhan callánach. Cuir an raidió ar siúl agus cloisfidh tú daoine ag argóint nó ag clamhsán. Gan stad. Agus ansin tiocfaidh na fógraí. Nó rac-cheol.Táimid timpeallaithe ag callán de gach saghas.

Is deas an rud é comhrá a bheith agat le duine a bhfuil dealramh leis, gan dabht, ach chímse daoine agus is cosúil go gcaitheann siad an lá ar fad ar an bhfón póca, é sin nó is ag feitheamh le glaoch atáid.

Tá dán leis an manach Trapach, Thomas Merton, a d'aistríos, dán dar teideal Sa Chiúnas. (Gheobhaidh tú é sa dara himleabhar den díolaim Guthanna Beannaithe an Domhain).

READ MORE

Seo a thús:

Bí ciúin.

Éist le clocha an fhalla.

Bí ciúin, táid ag iarraidh

d’ainmse

a rá.

Éist leis na fallaí beo.

Cé thú féin?

thú? Cé leis

an tost atá ionat?

Is dán an-mhistéireach é. Mar is ceart. Dán riachtanach, dar liom, frithnimh in aghaidh ghalar ár linne. Galar ár linne an callán. Deir John Zerzan gurb é atá sa tsibhialtacht chomhaimseartha ná comhcheilg challánach agus bheinn ag teacht leis sa mhéid sin.

An aigne i gcomhar leis an teanga a chruthaíonn áitiú, argóintí, díospóireachtaí, cúlchaint agus gleo. De dhlúth agus d’inneach an anama é an ciúnas. Comhcheilg in aghaidh an chiúnais caithfidh gur comhcheilg in aghaidh an anama í.

Deir na filí móra agus na saoithe móra go léir linn nach nochtar rún na beatha ach sa chiúnas amháin. Seo mar a labhrann an t-ardfhile Rumi:

Labhramar faoi choim

Mise is an saoi.

Nocht rún an tsaoil dom, ar mé,

Fuist, ar sé. Lig don chiúnas

Rún an tsaoil a nochtadh dhuit.

(as Guthanna Beannaithe an Domhain, Iml. 2)

Duine de na saoithe a luann Zerzan ina aiste is ea Thoreau a dúirt gur “tearmann dosháraithe is ea an ciúnas”. Níl aon bhaint ag an gciúnas, a deir Zerzan, leis an ollchultúr. Ag seasamh ina aghaidh atá sé. Tá an t-ollchultúr scanraithe roimhe.

Cén fáth?

“It’s feared by manipulative mass culture, from which it remains apart, a means of resistance precisely because it does not belong to this world.”

Tá tábhacht nach beag san abairt sin. Tobar an chiúnais amháin a mhúchfaidh tart na sibhialtachta agus a chuirfidh ar ár gcumas sinn féin a athnuachan. Caithfear an tobar sin a chosaint, go ciúin.

CREIDEANN ZERZAN gur andúiligh is ea sinn agus an druga is láidre i measc na ndrugaí atá uainn ná nuacht, eolas, faisnéis, fíricí, bladar, luaidreáin. Diúltú do thaoide an eolais agus súnámí na bhfíricí is ea an ciúnas. Ní hionann sin is a bheith in aghaidh an eolais ach a bheith in aghaidh ró-ualú an eolais, nach eolas ceart in aon chor é a leath de sa chéad áit.

Is maith a thuigeann Zarzen go bhfaigheann an ciúnas drochphreas ar uairibh. Arastatail fiú amháin, mheas sé gurbh é an ciúnas ba chúis le gaofaireacht nó broimneach! Ní bhíonn saoi gan locht.

Bhí scata rudaí nach raibh cur amach ag Arastatail orthu, más fior don tré traidisiúnta atá fós sa chaint: Na trí rudaí a chuaigh de Harry Statal a thuiscint: teacht is imeacht na taoide, saothar na mbeach agus intinn na mban.

Má imíonn na beacha, arsa Einstein, níl ach ceithre bliana fágtha ag an duine. Agus tá na beacha ag éirí gann, a dhuine. An-ghann.

Trí bliana ó shin d'fhoilsigh IndependentShasana tuairisc inar mhaígh eolaithe áirithe gurb é an fón póca ba chúis le slad na mbeach. Tá an radaighníomhaíocht ón bhfón póca ag cur dá dtreo iad. Níl a fhios acu an ag teacht nó ag imeacht atá siad.

Tá beacha freagrach as 40 faoin gcéad de tháirgeadh bia an domhain. Ach an bhfuil éinne i nDáil Éireann chun seasamh suas agus a rá: “Cosc ar an bhfón póca!” Seanad Éireann? Dream ar bith? Comhairle Contae Lú? Bantracht na Tuaithe? Conradh na Gaeilge? Nach bhfuil éinne amuigh ansin?

Duine eile a luann Zerzan is ea Annie Dillard, scríbhneoir a thuigeann tábhacht an chiúnais, duine a dúirt: “Ag pointe áirithe deir tú leis na coillte, leis an bhfarraige, leis na sléibhte, leis an domhan: táim ullamh anois. Stopfaidh mé anois agus beidh mé go hiomlán airdeallach. Déanann tú tú féin a fholmhú, agus fanann tú, is tú ag éisteacht.”

Is maith liom an chaint sin, caithfidh mé a rá. Duaiseoir Pulitzer í Dillard a d’iompaigh ina Caitliceach agus féachtar inniu uirthi mar mhisteach na héiceolaíochta.

Meabhraíonn Zerzan dúinn go bhfuil an-mheas ar an gciúnas ag pobail dhúchasacha Mheiriceá agus treibheanna eile nach iad, gur comhartha ómóis ina measc is ea an ciúnas.

Chuireadh leigheasóirí traidisúnta an-bhéim ar an gciúnas, a deir sé. Ní haon ionadh gur tháinig teicníochtaí ciúnais ar nós Zen agus TM go dtí an tIarthar i lár an chéid seo caite. Is léir go raibh gá leo. Agus tá i gcónaí.

Luann Zerzan Samuel Beckett seo againne sa chomhthéacs seo, ealaíontóir a bhí ag iarraidh “briseadh trí chaille an fhriotail go dtí croí an chiúnais”. Is deas mar atá sé curtha aige. Agus meabhraíonn sé dúinn gur arm frithbheartaíochta is ea an tost, “an nóta nach gcloistear roimh éirí amach”. Ba é an ciúnas thar aon ní eile a scanraíodh máistrí na sclábhaithe, a deir sé linn.

Arm frithbheartaíochta an-éifeachtach in aghaidh an challáin is ea an haiku. Cuirimis críoch chiúin le machnamh an lae inniu mar sin le dhá haiku, an chéad cheann acu le Ryushi agus an dara ceann le Santoka:

ciúnas –

fuaim éin ag siúl

ar dhuilleoga scaipthe

sneachta

ag titim ar shneachta –

ciúnas

** I measc na leabhar is déanaí ón údar tá a chéad chnuasach filíochta i mBéarla, Uttering Her Name(Salmon Poetry), dhá leabhar ar chúrsaí haiku ó Cambridge Scholars Publishing, Haiku Enlightenmentagus Haiku, the Gentle Art of Disappearingagus leaganacha Gaeilge de rogha dánta Nikola Madzirov, file óg ón Macadóin, Rúnimirce an Anama(Coiscéim)

aisteessay – beachbee – callánnoise – ciúnassilence – comhaimsearthacontemporary – comhthéacscontext – díolaimcompilation – drugadrug – fíricfact – galardisease – mistéireachmysterious – riachtanachnecessary – sibhialtachtcivilisation – tearmannsanctuary