Comhar úr

TÁ EAGRÁN speisialta den iris mhíosúil, Comhar le lainseáil i mBaile Átha Cliath Dé hAoine

TÁ EAGRÁN speisialta den iris mhíosúil, Comhar le lainseáil i mBaile Átha Cliath Dé hAoine. Scríbhneoirí úra a bheidh ann agus is í an scríbhneoir Ríona Nic Congáil atá ag feidhmiú mar aoi-eagarthóir ar eagrán Dheireadh Fómhair.

Le cois bheith ina scríbhneoir óg í féin, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.

Dúirt Nic Congáil gur thug sí "faoin eagrán speisialta seo chun ardán liteartha a chur ar fáil do scríbhneoirí úra fuinniúla na Gaeilge agus chun misneach a thabhairt dóibh agus iad i mbun pinn. Tá treo nua litríochta á fhorbairt ag na scríbhneoirí seo agus iad ag iarraidh an tsochaí ilchultúrtha agus ilteangach timpeall orthu a cheistiú is a thuiscint trí mheán na Gaeilge.

"Feictear go bhfuil an domhan amuigh, ón Nua-Shéalainn go Cúba, mar phríomhthobar na hinspioráide dóibh, agus é ar comhchéim le hÁrainn agus le Corca Dhuibhne i saothar na scríbhneoirí a d'imigh rompu."

Beidh na scríbhneoirí úra ag léamh i Leabharlann na Cathrach, Sráid na bPiarsach, Baile Átha Cliath 2, Dé hAoine, idir 5.30pm agus 10.30pm agus seolfar an iris le linn na hoíche.