Comhaontu gan chiall

Tá Rialtas na Breataine ag déanamh neamhiontais den Ghaeilge sa Bhille Cumarsáide, bille a chinnteoidh áit na dteangacha Ceilteacha…

Tá Rialtas na Breataine ag déanamh neamhiontais den Ghaeilge sa Bhille Cumarsáide, bille a chinnteoidh áit na dteangacha Ceilteacha ar an chóras craolacháin sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann san am atá le teacht.

Tá an Bille os comhair Westminster faoi láthair. Tá áit - mar is cuí agus is ceart - ag an Bhreatnais agus ag an Ghàidhlig sa Bhille ach tá faillí déanta sa Ghaeilge. Mura n-athraítear an Bille, is beag seans go gcuirfear maoiniú suntasach ar fáil do chláir Ghaeilge.

Ait go leor, luadh an teanga sa Pháipéar Bán a réitigh an Tiarna Putnam do rialtas na Breataine, á rá go raibh craoltóireacht Ghaeilge "underdeveloped". Ach níor bhac na húdaráis í a lua ar chor ar bith sa Bhille, in ainneoin na ngeallúintí a thug siad i gComhaontú Aoine an Chéasta go lorgódh siad bealtaí le cláir a mhaoiniú. Cén chiall atá le cultúr, comhurraim, cearta agus comhaontú sa chomhthéacs seo?