Comóradh Uí Bhuachalla

BUAILFIDH CLANN, cairde agus comhghleacaithe an Ollaimh Breandán Ó Buachalla (nach maireann) le chéile anocht ag 7pm sa Pepper…

BUAILFIDH CLANN, cairde agus comhghleacaithe an Ollaimh Breandán Ó Buachalla (nach maireann) le chéile anocht ag 7pm sa Pepper Canister Church, Corrán Shráid an Mhóta, Baile Átha Cliath, le comóradh a dhéanamh ar a shaol agus a shaothar.

Beidh ceol le Liam Ó Floinn, Brídóg Ní Bhuachalla agus Pádraigín Ní Uallacháin agus labhróidh aos ollscoile – Seamus Deane, Máirín Ní Dhonncadha, Brian Ó Conchubhair agus Gearóid Ó Tuathaigh – ar an scoláire iomráiteach.