Colin & Cumberland linn

Cuirfidh BBC 1 Thuaisceart Éireann tús le sraith nua teilifíse d'fhoghlaimeoirí anocht ag 10

Cuirfidh BBC 1 Thuaisceart Éireann tús le sraith nua teilifíse d'fhoghlaimeoirí anocht ag 10.45pm, Colin & Cumberland.

Beochan é an tsraith nua arb iad Colin, fear, agus Cumberland, a mhadadh, an bheirt phríomhcharachtar ann. Tá Colin i ndiaidh dul a chónaí in Aberant agus gan de chuideachta aige ach Cumberland.

Murab ionann agus mórán madadh eile, áfach, is comrádaí confach é Cumberland. D'aonturas, tá na cláir thar a bheith gairid; maireann an ceann is faide cúig nóiméad agus níl ach nóiméad amháin i gceist leis an chuid is mó eile.

Blaiseadh den teanga (nó bleaist i bhfianaise gheáitsí Cumberland) atá i gceist. Beannachtaí, nathanna agus ceisteanna beaga a thabhairt don fhoghlaimeoir go hiomasach (agus go greannmhar) an cuspóir atá ann.

READ MORE

Tá suíomh Idirlín (www.bbc.co.uk/ni/colinandcumberland) beo anois, áit ar féidir le duine cluichí a imirt agus focail a fhoghlaim.