Coláiste Eoin ag ceiliúradh 40 bliain d'oideachas lán-Ghaeilge

 

TÁ NEART le ceiliúradh ag Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an mheánscoil i mBaile an Bhóthair i ndeisceart na cathrach 40 bliain ó shin i mbliana.

Bhí fís ag grúpa tuismitheoirí agus ag na Bráithre Críostaí mar iontaobhaithe sa bhliain 1969, meánscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil do phobal an cheantair.

Bhí ceangal ag cuid de na tuismitheoirí le Scoil Lorcáin, bunscoil lán-Ghaelach a bunaíodh i Meán Fómhair 1952 sa Charraig Dhubh chun oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus chun suim sa chultúr Gaelach a chothú i measc na ndaltaí.

Ó shin i leith, tá fás tar éis teacht ar an scoil ar an láthair a roinneann siad le Coláiste Íosagáin, meánscoil lán-Ghaelach do chailíní. Tá 450 dalta sa scoil agus déantar iomlán an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Bhí sé d’ádh ar phobal na scoile, idir mhúinteoirí, dhaltaí agus thuismitheoirí ar aon gur osclaíodh scoth na n-áiseanna sa scoil cúig bliana ó shin i 2004 i bhfoirm halla spóirt ollmhór nua agus bloc seomraí ranga ar chúl na bhfoirgneamh seanbhunaithe. Caitheadh an-dua ó 1996 le hairgead a bhailiú don fheachtas tógála a chinntigh mianach an togra.

Léirigh an tsuim a chaith na buíonta de thuismitheoirí thar na blianta in oideachas a bpáistí, láidreacht an t-oideachas lán-Ghaelach.

Bráithre Críostaí a bhí mar phríomhoidí sa scoil le fada agus leag An Br S. P. Ó Dúgáin eiseamláir do reachtáil na Gaelscoile bige seo. Thosaíodar le grúpa fíorbheag agus úsáideadh foirgnimh shealadacha ar láthair na príomhmhainistreach ag na Bráithre Críostaí, St. Helen’s, go dtí gur tosaíodh ar scoil a thógáil ar an láthair béal dorais. Earcaíodh an chéad ghlúin múinteoirí an uair sin a d’fhan leis an scoil ar feadh tamaill fhada de bhlianta. Ina measc, bhí Tony Gregory, an Teachta Dála a fuair bás i mbliana.

De réir mar a d’athraigh na cúinsí ama, d’athraigh an tslí múinte agus timpeallacht na scoile. Ba mhór na hathruithe a bhronn an dara príomhoide, an Bráithre G.D. de Barra ar an scoil nuair a tháinig sé ann ón Mainistir Thuaidh i gCorcaigh. Is é siúd, thar aon duine eile, a chruthaigh an scoil mar atá faoi láthair le tréimhse 21 bliain sa phríomhoideacht.

Táthar ann a deir go raibh cumas ar leith aige láidreachtaí pearsanra a mheas i gceart agus ar an dóigh sin, d’fhág sé foireann an-láidir ildisciplíneach ina dhiaidh, comhchoiste cumasach tuismitheoirí agus lorg sé agus chruthaigh sé an-nasc le Coláiste Íosagáin, a bhunaigh na Siúracha Trócaire sa bhliain 1971. Leanann Maedhbh Uí Chiagáin agus foireann Choláiste Íosagáin leo ag obair go dlúth lena gcomhghleacaithe i gColáiste Eoin agus an dá scoil anois faoin iontaobhas céanna, Iontaobhas Scoileanna Éamoinn Rís.

Anuas ar an gceiliúradh seo de 40 bliain, ní mór rannchuidiú dhuine áirithe a aithint; príomhoide reatha na scoile, Seán Ó Leidhin, atá ag dul ar scor ag deireadh na bliana acadúla seo. Níl aon mhúinteoir a shaothraigh níos faide ná é ar láthair na scoile agus 37 bliain caite aige ag múineadh ann, bliain is fichead mar leas-phríomhoide agus naoi mbliana ina phríomhoide. Roinneann sé an t-éiteas a chum bunaitheoirí na scoile, is é sin, go bhfuil gá le Gaelú áirithe a dhéanamh ar an gcóras oideachais in Éirinn.

Sna blianta a chaith sé féin ina phríomhoide tharla gur cuireadh tús le hidirbhliain don scoil. Bhí an scoil taobh thiar den dearcadh náisiúnta ar luach na hidirbhliana toisc an bhliain bhreise a bhronn Coláiste Eoin ar a scoláirí ar chúrsa an Teastais Shóisearaigh. “Bliain na Gaeilge” a bhíodh i gceist agus thug an bhliain faoiseamh áirithe do pháistí a tháinig ó chúlra na ngnáthbhunscoileanna, seachas cúlra Gaelscolaíochta.

De réir mar a d’imigh na blianta ar aghaidh, ní amháin gur lean an ionadaíocht ó bhunscoileanna Lorcáin agus Naithí (Baile an tSaoir) sna ranganna meánscoile i gColáiste Eoin ach tháinig méadú ar líon na bpáistí a tháinig ó Ghaelscoileanna nua-bhunaithe. Ar an gcúis, laghdaigh an tábhacht a bhain leis an gceathrú bliain i gcás an churaclaim shóisearaigh. Ba iad buaicphointí na gcláracha idirbhliana le cúpla bliain anuas ná na taispeántais bhliantúla drámaíochta. Bhain léiriú den Táin ó pheann Choilm Uí Fhoghlú sa bhliain 2006 clú náisiúnta amach agus díoladh 4,000 ticéad thar ceithre oíche sa halla ceolchoirme nua.

Tá seasamh lárnach ag ceol i measc dáltaí agus múinteoirí ar aon i gColáiste Eoin. Nochtaítear i gcónaí na bannaí agus na ceoltóirí cáiliúla a chuir tús lena ngairm mar mhic léinn scoile; leithéidí Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin agus na Hothouse Flowers, a bhain cáil idirnáisiúnta amach ó thaobh an cheoil de. Anuas air sin, aithnítear Kíla, The Frames agus Moving Hearts de bhunús na scoile. Bhí lámh ag múinteoirí sa scoil, Colm Mac Séalaigh agus Mícheál Ó Maoileoin agus Uisneach Ó Treasaigh le cruthú na mbannaí Na Firéin agus Rattle Hum faoi seach.

Bhí dúil ag an scoil sna cluichí Gaelacha agus tugann cluichí dá leithéid misneach don spiorad scoile. Tharla don scoil a bheith níos rathúla san iomáint i mbliain an cheiliúrtha seo ná bliain ar bith eile nuair a shroicheadar an craobh ‘A’ de chomórtas uile-Éireann iománaíochta na scoileanna. Chailleadar an lá sin agus leagadar slat tomhais ann do bhlianta eile.

Aon bhliain déag ó shin, sa bhliain 1998, tharla don scoil a leithéid de chraobh a shroichint sa pheil Ghaelach agus tugadh clúid nuachta shuntasach don chomórtas sin ag an am.

Bhí stair ag an scoil leis an gcispheil, an lúthchleasaíocht, comórtais ceoil ar nós Slógadh nó Siansa agus díospóireachtaí. I mbliana, bhuaigh an fhoireann shóisearach de Cholm O Néill, Dhónal Ó Catháin agus Chillian Ó Fearghail an comórtas uile-Éireann sóisearach faoi stiúir Chiaráin Uí Dhuinneacha.

Léirigh Coláiste Eoin an tábhacht agus an rath a bhaineann le Gaeloideachas agus 450 dalta Ardteiste á gcur amach go bliantúil aici, agus iad ar fad oilte sa Ghaeilge.

Is mór an trua tar éis dóibh cinneadh a ghlacadh oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge a roghnú nach mbíonn sé ar a gcumas acu oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge a roghnú ag leibhéal forleathan.

Tá dúshlán ann d’fhorbraitheoirí an Ghaeloideachais tábhacht agus ábharthacht chúrsaí ollscoile i ngach aon disciplín a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge sna hollscoileanna go léir timpeall na tíre.

Is í sin an chéad chéim nádúrtha eile, má tá an Ghaeilge le scaipeadh ar ais arís ag leibhéal gairmiúil. Tá bunús na céime sin ar fáil i scoláirí Choláiste Eoin agus scoileanna dá leithéid.

Go spreaga an méid seo pobal na scoile sna blianta romhainn.


Is Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel i mBaile Átha Cliath é Liam Mac Amhlaigh agus iarscoláire de chuid Choláiste Eoin

FOCLÓIR: áiseannafacilities – bunaitheoirfounder – cumasachcapable – duatoil – dúshlánchallenge – eiseamláirexample – éiteasethos – foireannstaff – físvision – gairmiúilprofessional – lárnachcentral – misneachcourage – suíomhsite – suntasachsignificant – tábhachtimportance – todhchaífuture