Coiste Gael

TÁ GRÚPAÍ Gaeilge in Éirinn agus sa Bhreatain le coiste sealadach a bhunú le ceisteanna comónta a phlé, a dúirt ceannasaí Ghlór…

TÁ GRÚPAÍ Gaeilge in Éirinn agus sa Bhreatain le coiste sealadach a bhunú le ceisteanna comónta a phlé, a dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann.

Reáchtáil Glór na nGael cruinniú do ghrúpaí teanga as Londain, Manchain, Learpholl, Coventry agus Glaschú i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh agus shocraigh siad gur ghá leanstan ar aghaidh leis an "idirphlé".

Dúirt Mac Gabhann go raibh sé sásta leis an teacht le chéile agus go raibh rún acu ceann eile a shocrú le tosaíochtaí agus clár oibre a aontú.