Coimisinéir imníoch faoi chumas teanga sa Roinn Oideachais

 

NÍL ACH 1.5 faoin gcéad d’oifigigh Roinn an Oideachais agus Scileanna a bhfuil go leor Gaeilge acu le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge, a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus é ag caint i dTrá Lí, Co Chiarraí, Dé hAoine seo caite.

B’ionann sin agus a rá go raibh 98.5 faoin gcéad d’fhoireann na Roinne sin nárbh fhéidir leo cumarsáid a dhéanamh le lucht na Gaeilge agus é sin “ag tráth go bhfuil, gan dabht, athfhás ar mheas an phobail go ginearálta ar ár dteanga náisiúnta”.

Léirigh taighde go raibh “titim an-suntasach” ar líon na ndaoine ar an fhoireann riaracháin a raibh Gaeilge acu, titim 50 faoin gcéad le cúig bliana anuas, a dúirt sé.

Chreid sé go raibh an fhadhb chéanna i ranna eile, is é sin, foireann le cumas sásúil Gaeilge a aimsiú; bhí an ganntanas sin ag cur srian le hiarrachtaí na n-eagras seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil.

“Géarchéim,” a bhí anois ann agus níorbh fhiú moladh don phobal Gaeilge a labhairt, sa Ghaeltacht nó leis an chóras oideachais, mura raibh deis acu an teanga a úsáid gan dua leis an státchóras agus níorbh fhéidir leo an teanga a úsáid leis an státchóras mura raibh státseirbhísigh ann le Gaeilge.

Ba léir nach raibh na córais reatha earcaíochta agus oiliúna in ann a chinntiú go mbeadh go leor daoine ann le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil; ba ghá tabhairt faoin fhadhb “mar ábhar práinne” i Straitéis 20 Bliain an Rialtais.

Ba ghá “gníomh nó córas athchothromaithe” don teanga a chur sa siúl, ar nós Thuarascáil Patten sa Tuaisceart a chinntigh go mbeadh cothromaíocht idir Caitlicigh agus Protastúnaigh sna póilíní.

Thuig sé go raibh cosc ar earcaíocht sa chóras poiblí agus go mbeadh an bhéim ar laghdú seachas ar earcaíocht foirne sa ghearrthéarma.

Ní raibh sé ar son filleadh ar chóras “na Gaeilge éigeantaí d’fhostaithe an Stáit, ach ní chreidim gur leor ach an oiread “Béarla éigeantach” a bhrú ar an bpobal agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit”.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghaelscoileanna, eagras tacaíochta oideachais, Bláthnaid Ní Ghréacháin, gurbh “ábhar mór frustrachais é” do scoileanna Gaeilge nárbh fhéidir leo cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge leis an Roinn Oideachais “an Roinn Stáit atá in ainm is a bheith ag cur seirbhís tacaíochta ar fáil dóibh”.

Ba “rómhinic” a rinne na scoileanna a ngearán leis an Roinn ach ba chun donais a bhí an scéal ag dul agus ní chun sonais.

Ba é an toradh a bhí air sin gur chreid an pobal gurbh “fhearr agus gurbh iontaofa an tseirbhís as Béarla ná as Gaeilge agus ní théann scoileanna i muinín na seirbhíse trí Ghaeilge. I súile na Roinne léiríonn sé seo easpa éilimh, ach is é fírinne an scéil é ná nach bhfuil muinín ag scoileanna ná ag eagrais a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge as an tseirbhís a fhaightear”. “Fáinne fí” a bhí ann.

Thacaigh uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, le tuairimí an choimisinéara, á rá gur “ceap magaidh” a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla sa chás go raibh laghdú “chomh suntasach” sin ar líon na ndaoine le Gaeilge sa Roinn.

Ba é príomhchuspóir an Achta a chinntiú go mbeadh fáil ar níos mó seirbhísí poiblí i nGaeilge agus seirbhísí ar chaighdeán ard.

Ach “teip iomlán” a bheadh ann mura mbeadh an státchóras in ann freastail ar mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ina dteanga féin.