Cluasa capaill

Seolfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, leabhar úr do pháistí, Dhá Chluas Capaill ar Labhraí Loingseach (Cló Mhaigh…

Seolfaidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, leabhar úr do pháistí, Dhá Chluas Capaill ar Labhraí Loingseach (Cló Mhaigh Eo), san oíche amárach ag 9 p.m. sa chlub Gaeilge Sult (www.clubsult.com) sa Castle Inn, Teampall Chríost, Baile Átha Cliath.

Is í Eithne Ní Ghallchobhair as Ard an Rátha, Co Dhún na nGall, a scríobh an leabhar agus is é Donal Casey a rinne na léaráidí.

Is leagan lándaite álainn den seanscéal clúiteach é an saothar seo agus tá sé fóirsteanach do pháistí idir seacht mbliana agus 12 bliain d'aois. Beidh fáilte roimh chách go dtí an seoladh.