Cleite bán

CROBHINGNE: TAIBHREAMH A déanadh dom oíche Dhomhnaigh seo caite. Prátaí ag fás gan tomhas go híor na spéire

CROBHINGNE:TAIBHREAMH A déanadh dom oíche Dhomhnaigh seo caite. Prátaí ag fás gan tomhas go híor na spéire. Prátaí dearga gach aon cheann díobh, mar a bheadh siad ag cur fola. Croiseanna balbha ina mílte gan áireamh sa ghaineamh lena n-ais. Duine ag fiafraí cá raibh na bláthanna ar fad imithe, mar is amhlaidh go raibh siad ag imeacht le fada.

Thuigeas gur sa Fhrainc a bhí mé mar bhí na páirceanna ar fad chomh glas le hamadán agus an ghrian ag soilsiú orthu. Ach, gan choinne, thugas faoi deara go raibh cleite bán ag fás i mbarr gach práta díobh. Ar tús, cheapas nach raibh ann ach futa fata éigin nár cheart aon aird a thabhairt air, ach ansin taibhsíodh dom go raibh na cleití bána ag gáire.

Sa gháire dóibh shamhlófá go raibh dathanna an bhotha cheatha tríothu, glaise an fhéir i moiche na maidne, corcra an chairdinéil ina chonchlábh, purpar an chaipín chogaidh ar an mbealach, goirme ubh ghlogair, léithe Pháirc an Chrócaigh sa bháisteach, deirge chlóca mheirdreach na babalóine, cheapfá go raibh na dathanna sin go léir orthu, ach fós féin bhí siad bán.

Cheapfá go raibh dathanna na beatha orthu, mar is é an dath bán an dath is daite díobh ar fad ar pháirc phrátaí dearga. Cheapfá go raibh an buí orthu, leis, buí na puiche lena dealg, agus rua na raithní, agus breac an bhrosna coille, agus goirme an cheoil ó New Orleans, agus gile thurban eaglais na Rúise, agus duibhe an Domhnaigh in Albain, agus cróine an bhlátha dí-ainmne sa scrobarnach. Cheapfá go raibh na dathanna sin go léir orthu, mar chomharthaigh siad an bheatha ghlé.

READ MORE

Ach i ndeireadh an lae nuair a bhí an ghrian ag dul síos, tuigeadh dom go soiléir go raibh siad bán i gcónaí. Báine an mheacain agus é i gceartlár a chuid nochtachta, báine an bhainne ag sreangteicheadh as na hútha, báine an pháipéir nár breacadh. Ach ainneoin aoibhneas an chleite bháin, comórfar fós an práta.

Más corcra cróndathannach é, grá mo chroí an cleite bán. Ní hé go bhfuil faic á rá aige, ach go leannánach féin ‘tugtar seans don tsíocháin!’

D’fheicfeá ar an mbóthar go dtí Áth milis Í é, húrú, húrú, maide id lámh agus deoir id shúil, áit a gcasfadh ‘all the fine young min’ ort, ar gealladh dóibh go gcuirfeadh an cogadh seo thar chogadh ar bith eile deireadh leis an gcogaíocht. Níorbh fhéidir na gur mhinic nach meabhraídís go raibh asail ag caint leo. Ach fós comórtar an práta.

D'fhéadfadh an banna ceoil Waltzing Matildaa sheinneamh gach lá agus gach oíche fad is a bheadh na leathchorpáin leointe á dtógaint síos an stangairt nó Johnny Turk ag séideadh daoine go hIfreann síos agus daoine ag féachaint ar an bpoll a mbíodh a gcosa ann, agus fós féin chomórfaí an práta.

Cé mhéid bóithre is gátar don fhear gabháil síos go ndéantar fear de? B’fhéidir é a bheith ag siúl i rith an lae agus é beagnach caite. B’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil an freagra ag séideadh sa ghaoth. D’fhéadfaí na drumaí a bhualadh go mall, na píopaí a sheinneamh go híseal, agus an mháirseáil dheiridh a cheol fad is a bheadh sé á chur, ach fós féin, chomórfaí an práta.

Cad iad na cloigíní seo a chloistear ag bualadh ar nós a bhfaigheann bás le géimneach na mba? Córacha na ngealt agus a gcuid pléascán ag geonaíl? Taibhse ag gluaiseacht fan lánaí dorcha Wilfred Owen? Bíodh grá agat don uile dhuine, ná déan olc, ná déan dúnmharú, ach ar ór an tsaoil agus na cruinne, comórtar go buan an práta.

Agus inniu ainmnítear na codanna. An cloigeann a bhaintear agus na cosa nach bhfuil ann agus an croí atá fuar agus an inchinn a fágadh sa phróca le hais an dorais agus na putóga nach féidir a ithe agus an mhaolghualainn gan bhráthair agus an poll san imleacán agus na súile nach bhfuil ag lasadh sa spéir, mar caithfear an práta a chomóradh arís le ceol is le mairseáil is le bualadh drumaí.

An í an bhéist dhearg arís í, ag glámáil na spéire, a craos fhaolchoin ar leathadh i lár stoirm an ghaineamhlaigh? An gcaithfear na dallóga a tharraingt anuas go mall in aghaidh na deirge?

Ní chuireann an cleite bán sceimhle ar aon duine. Is é an cleite bán an buachaill, cleite na céille is an réasúin agus na carthanachta críostúla. Ach fós féin, bliain i ndiaidh bliana, comórfar an práta.

Cathain a fhoghlaimeoidh siad choíche, cathain a fhoghlaimeoidh siad choíche?

Foghlaimeofar nuair a chuirfear an cleite bán i ngach lipéad cóta, agus gach práta dearg fola sa chiseán dá réir.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar