Clar sa Diseart

Tá clár nua cúrsaí foilsithe ag Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, a bunaíodh sa Daingean, Co Chiarraí, i 1996…

Tá clár nua cúrsaí foilsithe ag Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, a bunaíodh sa Daingean, Co Chiarraí, i 1996.

Ocht gcúrsa seachtaine/coicíse ar fad a bheidh á reáchtáil i rith na bliana, gan na cúrsaí teastais agus dioplómaí, atá dírithe ar an phobal áitiúil, a chur san áireamh.

I measc na gcúrsaí, beidh cúrsaí seachtaine i gCultúr agus Spioradáltacht na hÉireann i mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair, cúrsaí coicíse sa Chultúr Ceilteach i mí na Bealtaine, Mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna, agus Oilithreacht Siúlóide ón 19ú Bealtaine go dtí an 2ú Meitheamh. Beidh dhá scoil samhraidh seachtaine ann fosta.

Cuireann Díseart roimhe é a chur ar a gcumas do dhaoine a ndúchas Gaelach/Ceilteach a shealbhú, a thuiscint, a thaighdeadh agus a athghabháil agus sin ó thaobh teanga, litríochta, ealaíne, dlí, béaloidis, spioradáltachta, staire, ceoil, seandálaíochta agus nósmhaireachta.

READ MORE

Eolas: 066-9152476 ríomhphost: ans@diseart.ie