Clar oibre; dushlan nua

Beocheist: Sa toghchán uachtaránachta a bhí ar siúl ar Lá Fhéile Stiofáin san Úcráin chuaigh ag Viktor Yushchenko, an fear ar…

Beocheist: Sa toghchán uachtaránachta a bhí ar siúl ar Lá Fhéile Stiofáin san Úcráin chuaigh ag Viktor Yushchenko, an fear ar thaobhaigh an Domhan Thiar leis, 52 faoin gcéad den vóta a bhuachan. Rinne an t-iomaitheoir eile, Viktor Yanukovich, 44 faoin gcéad a ghnóthú.

B'athchuairt ar bhabhta vótála 21ú na Samhna é an toghchán seo. Ba é Yanukovich a thug an svae leis an lá sin ach rinne Cúirt Uachtarach na hÚcráine toghchán nua a ordú toisc caimiléireacht vótála bheith i gceist. Bhí Yanukovich ina phríomh-aire ó 2002 ach d'éirigh sé as an bpost sin ar Oíche Cinn Bliana.

Táthar ag dréim mar sin go n-oirneofar Yushchenko ina uachtarán am éigin an mhí seo ach ní fios fós go baileach cathain a tharlóidh sé sin toisc achomharc bheith ar siúl ag Yanukovich.

Maíonn Yanukovich gur baineadh a gceart vótála ó thuairim is cúig mhilliún duine faoi leasuithe toghcháin a tugadh isteach i ndiaidh an toghcháin ar 21ú, Samhain. Easlán agus daoine míchumasaithe a bhformhór, dar leis. Ní mór an seans go n-éireoidh leis an achomharc, áfach, ach ní féidir an t-uachtarán a oirniú go hoifigiúil go dtí go mbeidh deireadh leis an bpróiseas dlíthiúil.

READ MORE

Ní saol breá bog a bheidh i ndán do Yushchenko agus é ina uachtarán. Snámh in aghaidh easa a bheidh ann chun an Úcráin a chur agus a choimeád ar bhóthar a leasa.

Ar an gcéad dul síos, beidh ar Yushchenko caitheamh go cairéiseach leosan a chuir ina aghaidh. Ba iad muintir dheisceart is oirthear na tíre ba mhó a thacaigh le Yanukovich. Chualathas caint le linn an toghcháin faoi na réigiúin seo tarraingt amach ón Úcráin, rud a léirigh a dhoimhne a d'fhéadfadh scoilteanna i sochaí na hÚcráine bheith.

Caithfidh Yushchenko taispeáint go soiléir nach thíos leis a bheidh muintir na réigiún seo toisc eisean bheith in oifig. Is leor an oscailt súl é an 44 faoin gcéad den vóta a fuair Yanukovich le tabhairt le fios nach bhfuil deireadh leis mar pholaiteoir cumhachtach. D'fhéadfadh sé bheith ina iomaitheoir tábhachtach sna toghcháin pharlaiminteacha atá le tarlú in Earrach na bliana seo chugainn.

Ba chóir do Yushchenko díriú isteach ar an Rúis a thabhairt chun muintearais. Is fíor gur thacaigh an Rúis lena chéile comhraic agus tá ráflaí go raibh baint ag seirbhísí slándála na Rúise leis an iarracht a rinneadh Yushchenko a nimhiú.

Mar sin féin, is í an Rúis an chomharsa is mó agus is tábhachtaí atá ag an Úcráin. Is í an Rúis a sholáthraíonn an chuid is mó dá fuinneamh agus tá loingeas de chuid na Rúise sa Mhuir Dhubh lonnaithe in Sebastopol na hÚcráine. Dá gcruthófaí fadhbanna don Rúis anseo, mar shampla, d'fhéadfadh easpa ola is gáis bheith ina fadhb ag an Úcráin.

Is cainteoirí Rúisise ó dhúchas iad líon maith de mhuintir an deiscirt agus an oirthir agus luí ag roinnt acu leis an Rúis. Dá bhfeicfí buntáiste bheith leis, d'fhéadfadh an Kremlin a anáil a chur faoi na daoine seo le trioblóid a chothú do Yushchenko.

Mar sin, cé gur féachadh ar Yushchenko mar dhuine a tharraingeodh an Úcráin amach ó chuing na Rúise, níl seans ná baol air go mbeifear in ann naisc na tíre leis an Rúis a scoitheadh.

Deacracht eile a bheidh le sárú ag Yushchenko ná eacnamaíocht na hÚcráine a chur i gceart. Is é is mó a thréithríonn geilleagar na tíre ná camastaíl is rúndacht. Níl an lámh in uachtar ag prionsabail an mhargaidh agus an dlí go fóill. Tá an eacnamaíocht faoi riail dream olagarcach agus tá roinnt de na daoine sin i bparlaimint na hÚcráine. Ciallaíonn sé seo go bhfuil díolúine acu is gur féidir leo cur i gcoinne leasuithe Yushchenko go dlisteanach mar bhaill den pharlaimint.

Is é Yushchenko an fear is fearr cáilithe le dul i ngleic leis na cúrsaí seo, áfach. Le linn na 1990í bhí sé ina cheannaire ar bhanc ceannais na hÚcráine agus é ina phríomhaire ina dhiaidh sin.

Caithfear féachaint leis go mbeidh ionracas ag roinnt le cúrsaí príobháidithe. Anuraidh, mar shampla, díoladh oibreacha cruach, Kryvorizhstal, le grúpa Úcránach. Bhí Viktor Pinchuk, cliamhain leis an uachtarán, agus Rinat Akhmetov, an duine is saibhre sa tír, go mór chun tosaigh sa ghrúpa sin. D'éirigh leo cé go ndearna grúpaí iasachta dhá oiread níos mó a thairiscint ar na hoibreacha cruach.

Ní beag an obair atá le cur de ag Yushchenko. Beidh na mílte Úcránach a chaith oícheanta fada fuara ar shráideanna Kiev ag súil go n-éireoidh leis.