Clar fabulasach

Tá an Fómhar linn agus sraith nua Léargas ar RTÉ

Tá an Fómhar linn agus sraith nua Léargas ar RTÉ. Caithfear a admháil gur beag spéis a chuir an colún seo san ábhar poiblíochta faoi chlár na seachtaine seo caite, 'Ariel: femme fabulasach'.

Dúradh gur bhain sé le bean 'aerach' Astrálach, Ariel Killick. Ábhar passé go maith, déarfá. Gay Gaeilgeoir, so fwhat? Agus is fada fada ó bhain nuaíocht ar bith le heachtrannach bheith ag foghlaim Gaeilge.

Is maith, mar sin, nár thug muid aird ar an réamhphoiblíocht nó ba mhó ná faoistin phoilbí é an clár; d'inis sé scéal spéisiúil. Labhair Killick faoina hóige, faoin difear a chonacthas di bheith idir Éirinn agus an Astráil, a dúil san ealaín. Is aistritheoir í Killick ach níl ansin ach bealach leis na dolaí a ghlanadh. Ba í a healaín a tharraing aird an lucht féachana thar ní ar bith eile.

Cleachtann sí dhá shaghas ealaíne - is bean ghrinn í - Pooky a hainm stáitse - agus is damhsóir í chomh maith. Chonacthas mír di ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus í i mbun seó sráide lena páirtnéir grinn, Jiggles.

READ MORE

Léirigh an clár go maith an claochlú a tháinig uirthi agus í ag ullmhú chun seó. D'imigh na foclóirí agus an téarmaíocht chomhaimseartha agus seo chugainn an bhean chéanna faoi bhréagfholt agus faoi dhathanna an tsocrais.

Bhí míreanna di i mbun maidí tine agus ba bheoga an radharc é, an mháistreacht a bhí aici ar an cheird. Ba mhaith mar a chuir na radharcanna i gcuimhne dúinn an dóigh a dtig linn muid féin a athshamhlú san ealaín.

Dúirt Killick gur Chríostaí í agus nár léir di a creideamh bheith ag teacht salach lena collaíocht féin. Níorbh ionann dearcadh a deirféar a bhí ag ullmhú le bheith ina ministir.

Is iomaí sin tuigse atá ag daoine ar Chríostaíocht agus is iomaí sin achrann a tharraingíonn ceisteanna collaíochta. Is trua nach ndearna tuairisceoir an chláir, Deirdre Ní Fhloinn, iarracht níos mó cainte a tharraingt ar an ghné seo. Cead ag Killick a rá nach bhfuil an dá rud ag teacht salach le chéile ach níor mhiste fáil amach cad chuige.

Mheas cairde Killick go n-éireodh sí tuirseach de Bhaile Átha Cliath ar ball. Ní raibh go leor ann a choinneodh abhus í, dar leo. Seans agus seans mór nach mbeidh i gclár seo Léargas ach fonóta ar chultúr na teanga. Ach b'fhiú an fonóta é.