Cló Iar-Chonnachta le caibidil nua a scríobh

CUIRFIDH AN teach foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnachta, ceann ar chaibidil nua i litríocht na Gaeilge Dé Luain

CUIRFIDH AN teach foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnachta, ceann ar chaibidil nua i litríocht na Gaeilge Dé Luain. Is ansin a sheolfaidh bunaitheoir agus stiúrthóir Chló Iar-Chonnachta, Mícheál Ó Conghaile, úinéireacht a chomhlachta ar iarchatalóg na bhfoilsitheoirí, Sáirséal Ó Marcaigh, go hoifigiúil.

Leis an ócáid a chomóradh, tá Cló Iar-Chonnachta ag cur athchló ar chuid de na saothair is aitheanta i litríocht na Gaeilge a d’fhoilsigh Sáirséal Ó Marcaigh, saothair atá as cló le tamall: Scáthán Véarsaí le Seán Ó Ríordáin; An tSraith ar Lár agus Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain; Sionnach ar mo Dhuán le Breandán Ó hEithir; Beagnach Fíor le Pádraic Ó Conaire agus Amhráin Chúige Uladh atá curtha in eagar ag Colm Ó Baoill.

Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh agus a bhean, Bríd Ní Mhaoileoin, a bhunaigh Sáirséal Ó Marcaigh, nó Sáirséal agus Dill mar a bhí air, in 1945 agus é mar chuspóir acu litríocht na Gaeilge a fhorbairt agus cuidiú le scríbhneoirí i nGaeilge. Bhain an comhlacht cáil amach as feabhas agus tábhacht a gcuid leabhar.

Ar na foilseacháin eile a tháinig uathu bhí Dúil Liam Uí Fhlaithearta; Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire; Bullaí Mhártain le Síle agus Donncha Ó Céileachair; Lig Sinn i gCathú ó pheann Bhreandáin Uí Eithir agus ábhar eile le Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, agus Máire Mhac an tSaoi.

READ MORE

Sa bhliain 1981 cheannaigh Caoimhín Ó Marcaigh an t-inphrionta, agus tugadh Sáirséal Ó Marcaigh ar an chomhlacht ó shin.

Mhol Ó Conghaile an comhlacht as an obair a rinne siad agus bhí áthas air go raibh deis aige leanstan léi: “Bhí suim agam ann le tamall agus dúirt Caoimhín Ó Marcaigh liom roinnt mhaith blianta ó shin go mbeadh suim aige ann am éigin.

“Tá siad ar cheann de na comhlachtaí is luachmhaire atá ann ó thaobh stádais agus ceannródaithe a bhí iontu ina ré féin. Ba iad a d’fhoilsigh an bheirt mhórscríbhneoirí a bhí ann, Máirtín Ó Cadhain agus Seán Ó Ríordáin. Tá siad ag teacht leis na haidhmeanna a bheadh ag Cló Iar-Chonnachta.”

Chuir Cló Iar-Chonnachta catalóg le chéile den ábhar ar fad a chuir Sáirséal Ó Marcaigh i gcló agus tá siad ag smaointeamh ar chuid den saothar a fhoilsiú i dteangacha eile, áiseanna oideachais a fhorbairt agus méadú a dhéanamh ar an méid ábhair atá ar fáil ar líne:

“Ó thaobh na staire de tá fáil anois ar liosta iomlán de na leabhair ar fad a foilsíodh le Sáirséal. Den chéad uair tá fáil air sin uilig.

“Beidh an chatalóg ar fáil ar an Idirlíon agus beidh daoine in ann na teidil a cheannach ar an Idirlíon freisin. Ó thaobh Chló Iar-Chonnachta de tá foireann lánaimseartha ann agus tá muid in ann rudaí mar seo a láimhseáil ar bhealach níos cuimsithí ná foilsitheoirí eile dá bharr sin.”

Is ar Óstán na Páirce, an Spidéal, Co na Gaillimhe, ag 8pm Dé Luain a bheidh an ceiliúradh. Is é Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a sheolfaidh an chatalóg go hoifigiúil agus beidh aoichainteoirí eile i láthair, ina measc Caoimhín Ó Marcaigh féin.