Ciste speisialta d'fhorbairt teanga thar lear

Sheol an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ciste speisialta €300,000 agus é ar cuairt ar Ollscoil Notre Dame…

Sheol an tAire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ciste speisialta €300,000 agus é ar cuairt ar Ollscoil Notre Dame sna Stáit Aontaithe Dé hAoine,  a scríobhann Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

Tacóidh an ciste le cúrsaí Gaeilge a fhorbairt i bhforais tríú leibhéal thar lear. Beidh an maoiniú ar fáil trí Chiste na Gaeilge ina Roinn féin, ciste a thacaíonn le tionsadail agus eagraíochtaí éagsúla atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhí Ó Cuív ag labhairt ar shiompóisiam idirnáisiúnta ar an ábhar Cén fáth Gaeilge? Dúirt sé: "Tá líon sonrach de choláistí tríú leibhéal agus ollscoileanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i dtíortha na hEorpa agus níos faide anonn, gníomhach cheana féin ag soláthar cláracha Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh laistigh dá bhforais féin agus tá spéis léirithe acu i bhforbairt na gcláracha sin...

"Tá áthas orm bheith inniúil ar thacaíocht a thabhairt don bhforbairt an-tábhachtach seo. Cothaíonn na cláracha seo dea-thoil d'Éirinn lasmuigh d'oileán na hÉireann. Tugann cuid mhór de na scoláirí atá ag glacadh páirt sna cláracha seo cuairt ar Éirinn agus leanann as an bpáirtíocht seo ceangal caradais agus suim fhadsaoil agus tuiscint ar thabhartas uathúil cultúrtha ár dtíre."

READ MORE

Dúirt sé go raibh saibhreas cultúrtha fréamhaithe sa Ghaeilge agus go raibh an Coimisiún SAM-Éireannach Fulbright i ndiaidh comhráití a thosú idir a Roinn agus Roinn Stáit Mheiriceá le tionscnamh a bhunú chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn i gcoláistí agus in ollscoileanna sna Stáit Aontaithe.