Cinneadh irisí

Shocraigh Foras na Gaeilge Dé Luain go leanfadh siad ar aghaidh le maoiniú an iris Idirlín, Beo

Shocraigh Foras na Gaeilge Dé Luain go leanfadh siad ar aghaidh le maoiniú an iris Idirlín, Beo.ie, agus an nuachtáin seachtainiúil, Foinse.

Ceadaíodh conradh nua bliana €61,800 do Beo.ie. Dúirt cathaoirleach an Fhorais, Maighréad Uí Mháirtín, i bpreasráiteas gur "seirbhís luachmhar atá i Beo.ie atá ag teacht go láidir le tosaíochtaí an Fhorais maidir le láithreacht na Gaeilge ar an ngréasán domhanda".

Moladh fosta, go mbronnfaí conradh, i bprionsabal, ar Mhóinéar Teo, foilsitheoirí Foinse.

Thug an Foras le fios go raibh rún acu dul "i mbun idirbheartaíochta le Móinéar Teo. maidir le téarmaí an chonartha sin agus an conradh críochnúil a chur faoi bhráid an chéad chruinniú Boird eile. San idirlinn tá síneadh dhá mhí curtha leis an gconradh reatha."

READ MORE

Is annamh a dhéanann an Foras dhá chinneadh fhiúntacha in aon lá amháin. Má leantar den mhodh oibre seo, beidh ar an cholún seo iad a mholadh níos minice.