Ceol iomlán Mise Éire

Eiseoidh Gael-Linn scór iomlán Mise Éire le Seán Ó Riada Dé hAoine, a scríobhann Pól Ó Muirí

Eiseoidh Gael-Linn scór iomlán Mise Éire le Seán Ó Riada Dé hAoine, a scríobhann Pól Ó Muirí. Go dtí seo, ní raibh fáil ach ar 15 nóiméad den scór. Tá breis agus 40 nóiméad ar an eisiúint nua agus athmháistriú digiteach déanta air.

Thug Gael-Linn an coimisiún do Sheán Ó Riada ceol a chumadh dá fhadscannán Mise Éire (1959) a raibh George Morrisson ina stiúrthóir air. Baineann an scannán leas as nuachtscannáin agus grianghraif chomhaimseartha chun stair na tréimhse thart ar an Éirí Amach a insint.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin: "Seo an leagan deifinídeach de cheol Mise Éire; den chéad uair tá an scór iomlán á eisiúint agus an cheolfhoireann á stiúradh ag an Riadach féin. Nuair a smaoiníonn tú ar an tionchar céadach a bhí aige sin, is cinnte go rachaidh an leagan iomlán i bhfeidhm go mór ar an bpobal."