Cen mortas cine?

Shílfeá gur beag lá a théann tharainn anois nach mbíonn éileamh á dhéanamh ar an Rialtas binse fiosrúcháin eile a bhunú d'fhonn…

Shílfeá gur beag lá a théann tharainn anois nach mbíonn éileamh á dhéanamh ar an Rialtas binse fiosrúcháin eile a bhunú d'fhonn an gnó seo nó an nós imeachta úd a scrúdú, a scríobhann Éadhmonn Mac Suibhne.

Agus, ar ndóigh, de ghnáth sé is bonn leis an éileamh ná an t-amhras go bhfuil caimiléireacht éigin ar siúl, nó cleachtadh míchuibhiúil á leanúint nó éagóir á déanamh, is gur gá go gcuirfí an pobal mór ar an eolas faoi, d'fhonn an scéal a chur ina cheart agus sásamh a bhaint as duine ar bith a bheadh i mbun na diabhlaíochta.

Tá an pobal i dteideal a leithéid sin d'eolas bheith acu, go deimhin, cé go ritheann an smaoineamh liomsa go bhféadfadh an lá teacht nuair a bheadh breithiúna agus lucht dlí na tíre chomh gafa san leis an gcineál sin gnó gur mheasa ná mar atá anois féin an mhoill a bheadh ar na gnáthchásanna sna cúirteanna.

Le bheith i ndáiríre arís, áfach, n'fheadar an bhfuil an uair buailte linn nuair ba cheart dúinn seasamh siar agus súil a chaitheamh arís ar cheist seo na mbinsí fiosrúcháin?

READ MORE

Ar ndóigh, ní fúthu go díreach atá mé ag scríobh - agus abraim nach bhfuil ceist orm ach go bhfuil siad uile ag obair go héifeachtach de réir na dtéarmaí tagartha a leagadh síos dóibh - is chuige atá mé ná an fhíorchúis bhunúsach a bhí lena mbunú sa chéad áit.

De réir mar a fheictear domsa é, eascraíonn siad go léir as seo, go bhfuil ár gcaighdeán ginearálta iompair íslithe againn uile sna blianta deireanacha seo - le teacht an rachmais, b'fhéidir.

Ní hiad na caighdeáin mhoráltachta ná na caighdeáin eitice amháin atá i gceist agam leis an méid sin, ach an oiread, ach iadsan go léir a bhaineann le gach cuid dár saol, dár mbéasa agus dár gcultúr.

Bhí an tráth ann nuair a bhíodh "gairm bheatha" ag duine, focail a chiallaíodh gur mhó a bhíodh aige ná bealach le hairgead a chruinniú, ach go hiondúil anois is "slí bheatha" a bhíonn againn. Agus táthar ann a déarfadh gur beag slí bheatha díobh go mbaineann mórán den "ghairm" leo an lá inniu.

Ceart, anois is arís tagann tú ar an té go bhfuil a bheag nó a mhór den idéalachas ba chuid den ghairm aige nó aici go fóill, ach féach go ndeirim "anois is arís".

Luaití tráth an "ghairm" chun na sagartóireachta, mar shampla, ach i bhfianaise ar tharla san eaglais le tamall anuas is léir go bhfuil méid nach beag daoine éirithe beagáinín amhrasach faoi dhearfacht na gairme céanna i roinnt cásanna ar aon nós, rud is trua b'fhéidir, ach is fíor mar sin féin.

Agus bhí an uair ann nuair b'ábhar scannail é dá mbagródh daoine mar dhochtúirí nó altraí nó múinteoirí dul ar stailc.

Bhí "gairm" acusan, shíleamar, ach anois tuigimid nach fearr pioc iad ná an chuid eile againn, sa mhéid is go bhfuil an aidhm chéanna acu is atá ag an gcuid eile den phobal - an méid is mó is féidir a ghnóthú as an tseirbhís a thugaimid agus dá laghad seirbhís atá orainn a thabhairt is amhlaidh is fearr.

Anois, ní chuig na daoine san atá luaite agam atá mé go sonrach in aon chor ach chugainn uile - mar dhaoine aonaracha agus mar bhaill den phobal mór.

Dealraíonn sé go bhfuil cancar na sainte (mura ndeirim cancar na mímhacánta) préamhaithe ionainn mar náisiún, i ngan a fhios dúinn féin, agus gurb as sin a thagann an sainmheon ina dtarlaíonn na nithe seo go léir gur dóigh linn gur gá iad a iniúchadh ar leas an phobail.

Agus ní mór a aithint, ar ndóigh, gurb annamh duine ina aonar i mbun an oilc; bheadh daoine eile ag cuidiú leis agus ag baint tairbhe as a bhfuil ar siúl aige chomh maith. Déarfar, b'fhéidir go bhfuil a leithéid céanna ag tarlú i dtíortha eile agus nach measa sinne Éireannaigh ná ár gcomharsana.

Sé an freagra a thabharfaimis air sin tráth ná - ach is fearr sinne ná iadsan. An bhfuil an mórtas cine a bhí go láidir ionainn an uair sin plúchtha ag an aicíd sin a luaigh mé?

Seans nach bhfuil sé ceart rud mar "mhórtas cine" a lua in aon chor anois, go deimhin, ach i ndeireadh na dála ní chiallaíonn sé ach an meas atá ag duine air féin agus orthusan san dar díobh é agus an fonn atá air an meas sin a léiriú go neamhbhalbh don saol mór.

An é nach tábhachtach linn san a thuilleadh?