Cen breithiunas a thabharfa ar Saddam?

Tá an iris Idirlín Beo! (www.beo

Tá an iris Idirlín Beo! (www.beo.ie) ag reáchtáil pobalbhreith mhíosúil agus iad ag fiafraí dá gcuid léitheoirí cé acu ar cheart Saddam Hussein a chur chun báis (mar atá molta ag uachtarán na Stát Aontaithe George W. Bush) nó téarma príosúin saoil a ghearradh air.

Tá cleachtadh a dhóthain ag George W - mar atá ag go leor gobharnóirí Meiriceánacha - ar dhaoine a chur chun báis. Ar ndóigh, tuigeann gach duine a bhreathnaíonn westerns TG4 gurb é sin an rud a dhéanann an buachaill bó - cuireann sé áit in áirithe dá namhaid thuas ar Mhullán na mBróg agus cén dochar an polasaí céanna a chur i bhfeidhm go hidirnáisiúnta?

Ní inniu ná inné a thosaigh a leithéid. Bhí lámh ag seirbhísí rúnda Mheiriceá i bhfeallmharú uachtarán na Síle lá den saol, Salvador Allende; rinne siad iarracht an deachtóir Cúbach, Fidel Castro, a nimhiú le todóg agus fuair siad cillín beag bídeach d'iar-dheachtóir Phanama, Manuel Noriega, sna Stáit Aontaithe.

Is dócha gur cheart do Manuel bheith sásta nár mharaigh sean-George Bush, a d'ordaigh an t-ionradh ar Phanama, nár mharaigh sé é. I ndeireadh na dála, bhí an amigo céanna ina ghníomhaí ceannaithe ag an CIA, eagras a raibh sean-George ina bhun lá den saol.

READ MORE

Mharaigh fórsaí Mheiriceá na céadta sibhialtach le linn an ionraidh sin. Seans gur mharaigh siad na mílte ach is doiligh teacht ar fhigiúirí cruinne ó tharla nárbh fhiú do na húdaráis daoine bochta dá sórt a chomhaireamh.

(Cad é an seans go gcuirfí pionós an bháis nó téarma príosúin saoil a ghearradh ar sheanGeorge nó ar George Óg as bás an 10,000 taismeach sibhialta a mheastar a maraíodh le linn a ionraidh féin?)

Is beag duine a chreideann go ndéanfaidh fad saoil i bpríosún difear ar bith do mheon Saddam. Ní chuirfidh sé a chuid ama amú ag déanamh a anama; creideann sé ina choireanna féin - go díreach mar a chreideann saighdiúirí gairimiúla ina gcuidse agus mar a chreideann polaiteoirí ina gcuidse agus mar a chreideann go leor iar-pharaimílitigh ina gcuidse.

Seans mór nach mbeidh de thoradh ar fhad saoil i bpríosún air ach cur leis an bharúil ata atá aige de - Salaidin a linne; an laoch cróga a sheas an fód in éadan na gCrosáidithe. Cacamas atá ann. Fód ná fód níor sheas sé. Fágadh é sin faoi earcaigh aineolacha eaglacha.

Níl amhras ar bith ann ach go gcoinneodh Saddam droch-chuideachta leis an Diabhal. Ach an fúinn atá sé é a dheifriú ar a bhealach? Beidh go leor de phobal na hIaráice ar a shon sin agus cé a thógfadh orthu é i ndiaidh ar chleacht sé d'ár orthu?

Is féidir linn an cheist a phlé ar bhonn teoiriciúil - níor mharaigh sé duine ar bith 'dár' muintir, is cuma é bheith ag gású a phobail féin. Thuigfeá don mháthair ar maraíodh a leanbh ar shráidbhaile Curdach; don athair ar maraíodh a bhean i móinteacha an Deiscirt; don té a céasadh i bpluais; dá n-éileodh siad a cheann ar spíce. Bhí an scéal riamh amhlaidh.

Níl i mbreithiúnas an bháis ag Bush ach iarracht eile súile an phobail a thógáil dá ról féin san ionradh. Labhraimis faoi chríoch a chur le saol duine amháin agus déanaimis neamhiontas den dóigh ar bhain an duine cumhacht amach agus den dóigh ar coinníodh i gcumhacht é.

Ar cheart é a chur chun báis? Bhuel, smaoinigh air mar seo - an ísleofá tú féin as an ghunna a chur lena bhlaosc; an rópa a chur faoina mhuineál; a chuisle a aimsiú le snáthaid?