Ceist staire

Bhí an t-iriseoir agus an craoltóir, Damien Kiberd, ag caint i Leabharlann agus Cartlann Chuimhneacháin an Chairdinéil Tomás …

Bhí an t-iriseoir agus an craoltóir, Damien Kiberd, ag caint i Leabharlann agus Cartlann Chuimhneacháin an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich, Ard Mhacha, Dé Sathairn.

Ag cosaint an Phiarsaigh agus a oidhreacht a bhí sé.

Rinne Kiberd tromaíocht ghéar ar staraithe agus ar lucht na meán - gan ainmneacha a lua, caithfear a rá - as an bhréagphortráid de Mhac Piarais a chuir siad chun tosaigh le blianta anuas. B'ionann a raibh ar siúl acu agus iarracht neo-fhaisisteach a dhéanamh de.

Chuir Kiberd béim ar a chuid buanna: a spéis san oideachas; a ról mar iriseoir; a chuid oibre le cúrsaí Gaeilge. Shéan sé fosta an íomhá a cruthaíodh de Mhac Piarais mar dhuine a raibh dúil san íobairt fola aige, á rá go raibh Tony Blair i ndiaidh tabhairt le fios go n-íocfadh sé "blood price" dá mba ghá chun an Iaráic a ionsaí.

READ MORE

Ní go maith a réitigh cur síos Kiberd lena chomhchainteoir, an tOllamh Eunan Ó hAilpín. Chosain seisean ról an staraí ghairmiúil agus a chuid oibre. Ba mhó a spéis i gcáipéisí agus i bhfianaise ná in "polemics" iriseoireachta. Bhí an díospóireacht teasaí go maith ar ócáidí ach b'fhiú í a chluinstin.

Gan amhras, tá ionsaithe leanúnacha déanta ar oidhreacht an Phiarsaigh. Ach ní féidir na hionsaithe sin a thuigbheáil gan feachtas na Sealadach a chur san áireamh sa díospóireacht. Íorónta go leor, tá Sinn Féin agus go leor staraithe atá iomlán ina n-éadan den bharúil go bhfuil líne dhíreach idir Sealadaigh an lae inniu agus an Piarsach. Ní minic a thugtar le fios gur féidir seasamh le hidéil an Phiarsaigh agus na Sealadaigh a shéanadh.

Anois ó tá deireadh le feachtas an IRA (don chuid is mó) b'fhéidir nár mhiste athscrúdú a dhéanamh ar oidhreacht an Phiarsaigh as an úr. Tá tús maith curtha ag Kiberd agus Ó hAilpín leis an díospóireacht.