Ceist na leabhar Gaeilge faoi chaibidil i gConamara

'The supply at present far exceeds the demand

'The supply at present far exceeds the demand." Duine ar a raibh an leasainm, An Madra Maol, a scríobh é sin, sa bhliain 1911, i litir chuig Eoin Mac Néill, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ag cur síos ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge a bhí sé agus tá an chuma air, ón mhéid a bhí le rá ag an Dochtúir Caoilfhionn Nic Pháidín agus cainteoirí eile ag an Fhleá Leabhar agus Léitheoireachta sa Spidéal, ag an deireadh seachtaine, gur mar sin atá an scéal go fóill.

Mar a dúirt Nic Pháidín bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge i 1952 chun scríbhneoireacht na Gaeilge a spreagadh. Ní raibh caint ar bith ag an am chun an léitheoireacht a chothú agus is cosúil gurbh é an siompóisiam seo an chéad iarracht a rinneadh riamh chun an cheist a phlé.

Mar chuid den taighde atá ar siúl aici don chúrsa Fiontar in Ollscoil Chathair Átha Cliath faoi mhargaíocht leabhar Gaeilge a rinne an t-eagraí, Róisín Ní Mhianáin, an siompóisiam a reáchtáil. Is maith mar a d'éirigh léi, idir fhoilsitheoirí, scríbhneoirí agus léitheoirí, idir óg agus aosta, a spreagadh chun bheith páirteach ann.

READ MORE

Chomh maith le dhá cheardlann do dhéagóirí bhí cúig sheisiún ann chun gnéithe éagsúla den léitheoireacht a phlé agus aoichainteoirí den scoth ag gach ceann acu. Ach ba é a locht a líon. Faoin am go rabhthas réidh le tosú ar an chúigiú seisiún faoi na meáin tráthnóna Dé Sathairn bhí an chuid is mó den lucht freastail bailithe leo abhaile.

Agus trí nó ceithre de chainteoirí ag gach seisiún is beag am a bhí ag an lucht freastail chun an t-ábhar a bhí faoi chaibidil a phlé gan trácht ar theacht ar chomhaontú faoi na straitéisí ba cheart tabhairt fúthu chun léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn.

Margaíocht a bhí faoi chaibidil maidin Dé Sathairn. Léirigh gach duine de na cainteoirí a míshásamh lena laghad poiblíochta a thugtar do leabhair Ghaeilge sna siopaí agus sna meáin.

Do Bhord na Leabhar Gaeilge a thug an foilsitheoir Colmán Ó Raghallaigh ó Chló Mhaigh Eo an chreidiúint as an mhéadú mór ar líon na leabhar Gaeilge agus as an fheabhas ar dhearadh le blianta beaga anuas. Ach dúirt sé go raibh a lán le déanamh go fóill chun na leabhair sin a chur i lámha an phobail.

Mhol sé plean cúig bliana a chur le chéile chun léitheoireacht na Gaeilge a neartú sna scoileanna. Faoi láthair, a dúirt sé, bhí daltaí ag fágáil rang a sé sa bhunscoil gan oiread is leabhar amháin Gaeilge léite acu. Mheas sé fosta gur cheart Bord na Leabhar Gaeilge agus an Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar (ÁIS) a nascadh. Is faoi Fhoras na Gaeilge atá ÁIS faoi láthair.

Dúirt Pádraig Ó Flatharta, atá ag obair d'ÁIS le breis agus 20 bliain go raibh géarghá le breis foirne agus le hathstruchtúrú a dhéanamh ar an eagras mar go raibh sé sa riocht céanna agus a bhí sé in 1978.

Mhol sé oifig lárnach bheith ag ÁIS a chuirfeadh seirbhísí poiblíochta, cuntasaíochta agus margaíochta ar fáil do na foilsitheoirí ó tharla a bhformhór bheith ag obair ar bhonn deonach. Mhol sé do na foilsitheoirí cur le chéile agus plean chun feabhais a chur faoi bhráid an Fhorais.

Is beag cainteoir nach ndearna tagairt dá dheacra atá sé tabhairt ar dhaoine óga leabhair Ghaeilge a léamh. Chonacthas do Nic Pháidín gurbh í an difríocht mhór idir Gaeilge na leabhar agus an Ghaeilge nó "críol" a labhraíonn daltaí na ngaelscoileanna eatarthu féin, ba chúis cuid mhór leis an doicheall roimh leabhair Ghaeilge.

Mheas Joe Steve Ó Neachtain agus cainteoirí eile ón Ghaeltacht gur cheart níos mó ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do dhaoine óga ina gcanúint féin.

Ba í tuairim na ndéagoirí a d'fhreastail ar an cheardlann go raibh an teanga sna leabhair scartha óna dtaithí féin. Pé suim a bhí acu i leabhair Ghaeilge d'eascair sí as an teagmháil a bhí acu le scríbhneoirí.

D'aontaigh Seosamh Ó Murchú ón Ghúm go raibh na leabhair a chuir an comhlacht sin ar fáil do dhéagóirí ró-urramach agus ró-ómósach don teanga.

Rinne Tina Hickey ó Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann cur síos ar an deacracht a bhíonn ag páistí, arb é an Béarla an chéad teanga acu, Gaeilge a léamh. Léirigh triaileacha atá déanta aici gur tháinig feabhas mór ar chumas léitheoireachta na bpáistí sin a d'éistfeadh le taifeadadh ar théip de leabhair a fhad agus a bhí siad á léamh.

Ba thrua gan ach beagán daoine fágtha don seisiún ar na meáin chumarsáide tráthnóna Dé Sathairn. Bhí an dea-scéal le fógairt ag eagarthóir Gaeilge an Irish News, Robert McMillen, go raibh plean ag an pháipéar sin forlíonadh Gaeilge 16 leathanach a fhoilsiú gach Luan ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Beidh an t-ábhar san fhorlíonadh dírithe ar léitheoirí a bhfuil cumas maith Gaeilge acu agus ar fhoghlaimeoirí.

Agus gan ansin ach cuid bheag den ábhar a pléadh ag an siompóisiam is léir go bhfuil gá le cruinniú eile chun gnéithe áirithe a phlé agus, níos tábhachtaí fós, plean a chur le chéile.