Ceist an nuachtáin sheachtainiúil leathréitithe

 

TÁ CEIST an nuachtáin sheachtainiúil Ghaeilge leathréitithe. D’fhógair Foras na Gaeilge Dé hAoine go raibh siad le conradh €1.6 milliún a bhronnadh ar an chomhlacht Torann na dTonn Teoranta le nuachtán Gaeilge a fhoilsiú go dtí mí na Nollag, 2013.

Is comhpháirtíocht é Torann na dTonn idir an comhlacht teilifíse, Eo Teilifís – léiritheoirí Ros na Rúnar TG4 – agus an Connacht Tribune. Nuachtán seachtainiúil uile-Éireann a bheidh ann agus é le foilsiú i bhfoirm chlóite agus go leictreonach.

Gaelscéalan t-ainm oibre atá ar an tionscnamh faoi láthair agus is é an leagan amach atá molta 32 leathanach ildaite le scéalta faoi chúrsaí reatha, ghné-ailt, spórt agus chúrsaí ealaíon ann. Is i nGaeltacht Chonamara a bheidh na hoifigí agus, de réir an chomhlachta, fostófar cúigear go lánaimseartha agus beidh seachtar colúnaithe ag tuairisciú don nuachtán taobh amuigh de Chonamara.

Beidh an nuachtán féin le ceannach sna siopaí Dé hAoine ar €1.65/£1.50, beidh léitheoirí in ann é a fháil tríd an phost ar síntiús agus foilseofar ar líne é.

Is beag duine nach mbeadh ag teacht le ráiteas stiúrthóra de chuid Thorann na dTonn, Máire Ní Thuathail, agus í á rá go bhfuil “géarghá” le páipéar nuachta “chun an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo nua-aimseartha agus táimid ag súil go mór le nuachtán seachtainiúil úr spreagúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge”.

Moltar a misneach ach, bíodh is go mbeidh beannacht mórán daoine le Gaelscéal, cuirfidh sé crua orthu léitheoirí na Gaeilge – an méid acu atá ann – a spreagadh uair amháin eile le nuachtán nua (eile!) a cheannach.

Cuimhnigh go raibh nuachtán spreagúil ag pobal na Gaeilge ar feadh 13 bliain, mar a bhí Foinse, bhí Lá/Lá Nuaann, bhí Anoisann agus...

deja vugo nuachtán Gaeilge. Liosta le lua líon na nuachtán a chuaigh chun na cille le linn mo ré féin.

Fiafraíonn tú díot féin – agus ní den chéad uair – cén réasúnaíocht atá taobh thiar de chinneadh an Fhorais? Tá na milliún euro caite (agus caillte i ndáiríre) acu ar nuachtáin Ghaeilge le deich mbliana. Ar ndóigh, ní bhíonn duine ar bith san Fhoras thíos leis an chaill sin. Cén dóchas a bheadh ag an cháiníocóir go dtiocfaidh an fiontar seo slán nuair nár tháinig cinn eile? Níl de straitéis ag an Fhoras ach airgead a chaitheamh i ndúil is go gcruthaíonn sé sin go bhfuil siad “ag déanamh rud éigin”. Baintear úsáid as an fhocal “nua” mar chosaint i gcónaí ach is ar éigean go bhféadfá a rá gur éirigh nuachtán comhaimseartha aosta in am ar bith.

Tá an Foras ag dul sa seans uair amháin eile agus gan de phlean acu anois ach na milliúin eile a chur i dtreo nuachtáin eile agus béarlagair nua-aoiseach – “féinsheasmhach uileghabhálach nua” – a spalpadh i rith an ama.

Sa chás go dteipeann ar an nuachtán i gceann ceithre bliana, ní bhfaighidh muintir an Fhorais locht ar bith orthu féin as €1.6m eile a ligean le sruth. Nó i ndiaidh ocht mbliana agus €3.2m nó i ndiaidh 12 bliain agus €4.8m.

SEANS go bhfuil sé éadóchasach labhairt ar theip an nuachtáin nua gan an chéad eagrán bheith i gcló go fóill ach níl cinnteacht dá laghad ann go dtiocfaidh Gaelscéalslán.

Níl locht ar bith ar Thorann na dTonn as an drochstaid ina bhfuil cúrsaí nuachtáin faoi láthair agus bheadh ar dhream ar bith a bhuaigh an conradh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra a bhaineann le nuachtán Gaeilge a chur ar fáil.

Mar sin féin, is cruálach na coinníollacha tráchtála atá roimh an fhoilseachán úr agus is beag duine a chreideann gur leor an deontas féin leis an dé a choinneáil ann.

Ní hamháin sin ach beidh Gaelscéalin iomaíocht leis an leagan nua de Foinsed’fhógraíocht agus beidh tús míonna móra fada ag Foinsear an deis sin. (Is íoróin í, gan amhras, go bhfuil an nuachtán a mhaoiníodh Foras na Gaeilge anois ag coraíocht le nuachtán nua atá á mhaoiniú acu. Beidh le feiceáil, ar ndóigh, conas mar a chruthóidh Foinseina ról nua.)

Lena chois sin, beidh ar an chomhlacht Gaelscéal a chur ar líne – saor in aisce de réir mar a d’iarr rialacha comórtais an Fhorais. B’fhéidir go mbeadh drogall ar léitheoir nuachtán a cheannach Dé hAoine nó ar síntiús agus fios ann go mbeidh an páipéar le fáil saor in aisce tamall ina dhiaidh sin?

Bhainfeadh an cleachtas sin cúpla pingin eile as an ioncam – agus tá caint anois sa Bhreatain go mbeidh nuachtáin Rupert Murdoch ag gearradh táille ar dhaoine lena chuid nuachtán a léamh ar líne. Tá Murdoch den bharúil nár cheart ábhar a thabhairt ar shiúl saor in aisce. Shílfeá é sin bheith fíor ach go háirithe faoi mhargadh chomh beag leis an Ghaeilge.

Mura leor sin, níl dáta cinnte fós d’fhoilsiú an pháipéir. “Go luath san athbhliain,” an geall atá ann faoi láthair. Foireann a earcú is cúis leis an éiginnteacht. Dúirt Ní Thuathail ar NuachtTG4 oíche Aoine go mbeadh comórtas náisiúnta ann le heagarthóir a cheapadh – agus beidh ar an chomhlacht iriseoirí a aimsiú fosta.

Ritheann sé leat agus conradh €1.6 milliún ar fáil go mb’fhéidir gur cheart go mbeadh iriseoir aitheanta ar bord cheana féin, réidh le dul i mbun eagarthóireachta.

Beidh am de dhíth ar an té a cheapfar le cúrsaí a réiteach. Ní bheadh sé míréasúnta dá dtógfadh sé roinnt míonna (ar a laghad) le slacht a chur ar chúrsaí fostaíochta agus eile.

Mura leor sin, is comhlacht teilifíse é Eo Teilifís, rud neamhghnách ann féin. Ní hionann gnó teilifíse agus nuachtáin agus beidh foghlaim i gceist ag lucht Eo.

Beidh le feiceáil chomh maith conas mar a bheidh an leagan clóite den nuachtán agus an ceann ar líne. Beidh dhá chur chuige de dhíth, rud a thabharfadh dúshlán comhlachta le neart acmhainne – gan labhairt ar cheann Gaeilge ar bheagán.

Ba cheart go mbeadh an comhlacht ábalta dornán iriseoirí a aimsiú agus an drochshaol eacnamúil linn ach cá mhéad acu sin a bheas oilte agus cé mhéad a bheas ag tosú a fhoghlaim a gceirde?

Thairis sin, cén t-iriseoir a chuirfeadh muinín (agus slí bheatha) i maoiniú Fhoras na Gaeilge ar bhonn fadtéarmach? Léiríonn taithí iarfhoireann Foinsena deacrachtaí a bhaineann leis an nuachtán clóite Gaeilge. 13 bliain a mhair Foinseina chéad chruth agus bhí iarratas istigh ag an iarfhoireann sa chomórtas seo. Cluas bhodhar a thug an Foras don taithí iriseoireachta, gnó agus bainistíochta a chruinnigh siad thar na blianta.

An mairfidh Gaelscéalan t-achar sin ama fiú? Dá mba ábhar iriseora thú sa lá atá inniu, mheasfá gurbh fhearr jab a fháil le TG4 nó RnaG in áit dul sa seans le nuachtán ó tharla nach mbíonn siad ar dhóigh ar bith buan.

Ar ndóigh, tá sé trom ar an chomhlacht go bhfuil an oiread sin éiginnteachta ann faoin fhoilseachán. Ach sin an donas a bhaineann go leanúnach le tionscnamh na nuachtán Gaeilge. Is iomaí sin uair a chuala lucht na teanga bladar agus mór-is-fiú an Fhorais faoina gcuid foilseachán.

Neosfaidh an aimsir cad é an spéis a bheidh ag Gaeil sa scéal.