Ceist an Aontais

Beocheist: Rith rud liom agus súil á caitheamh agam ar an "litríocht" a tháinig an doras isteach chugainn chomh flúirseach san…

Beocheist: Rith rud liom agus súil á caitheamh agam ar an "litríocht" a tháinig an doras isteach chugainn chomh flúirseach san le déanaí - an raibh mé sách eolach ar aon bhealach le mo ghuth a chaitheamh in aon chor sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa?

Ní raibh romham mar chabhair le teacht ar bhreith faoin scéal ach ainmneacha na n-iarrthóirí; agus ba chosúil gur ghlac siadsan gur leor san.

Ba bheag a bhí le rá acu faoin chuspóir a bheadh rompu dá dtoghfaí iad ná faoi conas a chuirfidís chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Ina gcás san a bhí san iomaíocht do shuíocháin ar na Comhairlí Contae agus ar na húdaráis áitiúla eile bhí, ar a laghad, polasaí de shaghas éigin le cur ar aghaidh acu, maraon le geallúint faoina ndéanfaidís dá n-éireodh leo sa chomórtas.

READ MORE

Ná ní bheinn ag coinne lena mhalairt.

Nuair a bhíonn olltoghchán ar siúl, cé go gcaitear méid áirithe de na vótaí ar bhonn pearsanta do na hiarrthóirí, ní hiad na haonaráin atá á dtoghadh i ndeireadh na dála ach an páirtí ag a bhfuil an polasaí is fearr a thaitníonn leis an méid is mó de na vótálaithe agus an seans is fearr acu an polasaí sin a thabhairt i gcrích.

Tar éis an tsaoil, is cuma cé chomh maith agus cé chomh cumasach is atá an polaiteoir aonair, annamh go leor a éiríonn leis nó léi beart fiúntach a thabhairt i ngníomh.

Iadsan anois a bhí ag lorg suíocháin sa pharlaimint Eorpach ba bheag a bhí sna bileoga a tháinig uathu ach go raibh an cumas acu, go raibh eolas maith acu ar an nós imeachta thall agus gur bhaill iad den pháirtí áirithe seo nó den pháirtí áirithe eile úd, na páirtithe Éireannacha, ar ndóigh, rud nach mbaineann a bheag ná a mhór le cúrsaí polaitíochta lasmuigh den tír.

Is ceist le háireamh í cad díreach a bheadh ar a chumas ag aon teachta aonarach i bParlaimint na hEorpa, institiúid atá i bhfad Éireann níos mó agus níos casta ná an tOireachtas abhus.

Ní foláir nó go n-aithníonn na hiarrthóirí é sin freisin agus músclaíonn sé sin an cheist seo - cad é an spreagadh atá ann dóibh na suíocháin a shantú? An chumhacht? An t-airgead? An stádas?

Déarfar, b'fhéidir, gurb é an spreagadh atá ann ná an fonn leis an idéal atá ina bhonn leis an Aontas a bhaint amach, ach ba mhór ba ghá lena chur ina luí orm féin go dtuigeann na hiarrthóirí i gcoitinne an t-idéal sin i ndáiríre.

Ar ndóigh, is gnás leis na teachtaí ceangal éigin a dhéanamh le grúpaí eile sa pharlaimint, ach cá bhfios don vótálaí abhus gur grúpaí iadsan go n-aontódh sé féin leo?

Tá claonadh ann féachaint ar an suíochán sa pharlaimint thall mar dhuais don pholaiteoir sinsearach, mar "shlán agus beannacht", mar a déarfá, faoi mar a fhéachtar ar an bpost mar Choimisinéir sa Bhruiséil nó fiú faoi mar a d'fhéachtaí tráth ar Uachtaránacht na hÉireann féin. Agus más amhlaidh atá, cén mhaith dom leithéidse mar aonarán a bheith ag snámh in aghaidh an easa?

Ná ní bheadh ionadh orm a chloisteáil go bhfuil an dearcadh san ag go leor de na vótálaithe sna tíortha eile san Aontas chomh maith, mar níor samhlaíodh dom go rabhadar ag briseadh na gcos le guth a chaitheamh sa toghchán.

Ceist eile í, ar ndóigh, cad í díreach an chumhacht atá ag an bparlaimint maidir le polasaí an Aontais a mhúnlú agus a fheidhmiú?

Ón tús ba ag an gCoimisiún a bhí an chumhacht i ndáiríre, rud nár thaitin olc maith ná dona le teachtaí na parlaiminte agus thar na blianta níor bheag í an choimhlint a bhí idir an dá dhream faoin scéal.

In ainneoin na n-iarrachtaí uile a deineadh ní dóigh liom féin go bhfuil an gnó socair fós agus ní bheadh ionadh orm dá dtiocfadh an cheist go barr locha arís sa díospóireacht faoin Bhunreacht nua atá idir chamáin i láthair na huaire.

Tá sé róluath breith a thabhairt faoi cé chomh maith is a d'éirigh le hUachtaránacht na hÉireann. Go minic, ní fheictear toradh an chineáil sin oibre go ceann tamaill mhaith ina diaidh; agus, go deimhin, minic freisin nach dtuigtear tábhacht na n-iarrachtaí a deineadh roimh ré nuair a chuirtear beart fónta i ngníomh ar ball agus an dream a bhíonn i mbun na huachtaránachta ag an uair sin á mhaíomh gur dóibh féin atá an chreidiúint ag dul.

Ach níl aon cheist ach gur dheineamar ár ndicheall mór mar stát beag agus nach laghdú ach a mhalairt a bheidh ar an meas atá ag na stáit eile san Aontas orainn dá bharr.